Thursday, October 13, 2011

Nuachtlitir an Scoile - 19-09-11

Beidh na cruinnithe tuismitheoirí-múinteoirí ar siúl ar an 15 agus 16 Samhain. Críochnóidh na páistí ar fad ag a 1:30 ar an dá lá sin.
The Parent-Teacher meetings will take place on November 15th and 16th.
The children will all finish at 1:30 on those days.

***************
                       Bord Bainistíochta Nua/ New Board of Management
Tá an Bord Bainistíochta atá againn faoi láthair ag críochnú ar an 30 Samhain agus beidh Bord Bainistíochta nua againn i mbliana. Toghadh Sarah-Jane Carey ar an mBord i Mí Feabhra 2011 nuair a d’éirigh Ionadaí Tuismitheora Máithreacha as an mBord. Mar go bhfuil an téarma ceithre mbliana oifigiúil ag críochnú i mbliana caithfimid dul tríd an bpróiseas oifigiúil arís. Beidh toghchán tuistí againn chun an t-athair agus an mháthair a roghnú mar bhall don Bhord. Ba cóir go mbeadh Gaeilge ag aon duine ainmnithe. Ní chaithfidh siad a bheith líofa, ach ba cóir go mbeadh tuiscint faoi leith acu agus go mbíonn siad sásta a gcuid Gaeilge a úsáid chomh maith.
Beidh toghcháin i gceist chun tuismitheoir a ainmniú le ceapadh ag an bPatrún mar ionadaí tuismitheora ar an mBord. Má tá tú sásta d’ainm a chur ar an liosta mar ainmnitheach don Bhord, seol an foirm ar ais roimh an Mháirt, an 11 Deireadh Fómhair 2011. Istigh leis an Nuachtlitir seo gheobhaidh sibh bileog gur féidir libh seoladh ar ais chuig an scoil.
The term of the present Board of Management comes to an end on November 30th 2011 and a new Board of Management will be put in place. Sarah-Jane Carey was appointed to the Board in February due to the resignation of the Mother’s Representative. As the official four-year term of office of the Board is coming to an end a new board must be established. A Father’s representative and a Mother’s representative will be elected on the Board. . It is essential that the nominated representative has Gaeilge. The Parents’ Representative does not have to be fluent in the Irish language but does need a great understanding of the language and the ability and willingness to speak ‘As Gaeilge’ to comply with the ethos of the school.
There will be an election for the nomination of the Parents’ Representative on the Board If you give permission to distribute your name as a willing  nominee please send back the attached form on or before Tuesday, October 11th, 2011.  



Bord Bainistíochta na Scoile faoi láthair:
An Cathaoirleach/ The Chairperson: Barra Ó Caoinleáin
An Príomhoide/ The Principal: Caoimhe de Búrca
Ionadaí an Phatrún/ Patrons’ Representative: An tAthair de Bhál
Ionadaithe Tuismitheoirí/ Parents’ Representative: Prionnsias Mac Risteard & Sarah-Jane Carey
Ionadaí Múinteora/ Teachers’ Representative : Fergus Ó Conghaile.
Ionadaithe an Phobail/ Community Representative: Pól Mac Reachtain & Tom Pitts.





********************

Comhghairdeas le na páistí ar fad a bhí ag canadh i gcór na nÓg ar Aifreann ar an Domhnach seo caite. Bhí iompar na bpáistí ar feacbhas mar is gnáth. Mo bhuíochas le Múinteoir Eimear chomh maith a bhí ag stiúradh an chór agus Máire Uí Bhroin atá i gceannas orthu.
Congratulations to all the children who sang at the Irish mass last Sunday in the Youth Choir. The children were so well behaved as always and we are very proud of them. Our thanks to Múinteoir Eimear who conducted the choir and to Máire Uí Bhroin who is in charge of the group.

*******************

Beidh 3 cluiche ar siúl an tseachtain seo. Beidh a thuilleadh eolas ag an Múinteoir Donncha i rith na seachtaine.
There will be 3 matches this week. Further information will be sent home by Múinteoir Donncha during the week.

Comhghairdeas ollmhór le Foireann Bhaile Átha Cliath a bhuaigh Craobh na hÉireann sa pheil inné. Táimid chomh bródúil astu.
Baile Átha Cliath abú!!

Many Congratulations to the wonderful Dublin Football Team who won the All-Ireland Final yesterday.



Is mise le meas,

__________________
Caoimhe de Búrca,
Príomhoide





 ----------------------------------------------------------------------------------------------------------



Is féidir leat m’ainm ______________ a chur ar an liosta mar ainmnitheach don Bhord Bainistíochta.
I give permission for my name __________________to be circulated as a possible candidate for the Board of Management