Tuesday, May 31, 2011

Cruinniú Cairde ar siúl ar an 1 Meitheamh ag a 9:00 ar maidin san Áras chun an tSeachtain Ealaíon a eagrú. Tá fáilte roimh cách. Cairde meeting taking place at 9:00 on Wednesday morning, June 1st in the Áras to discuss the Art's Week. All are welcome!

Thursday, May 26, 2011

Lá Eolaíochta/Science Day!

Bhí an-lá againn ag an Lá Eolaíochta ar an 25 Bealtaine agus bhí gach rang gníomhach ar an lá. Bhí go leor turgnaimh le déanamh ag na páistí ar an lá agus bhí gach duine ag obair mar eolaí! Fuair gach páiste a Teastas Eolaíochta. Féach ar na fuinneoga scoile - tá go leor grianghraif le feiceáil orthu!  We all thoroughly enjoyed our Science Day that was held on May 25th. All the classes were active on the day and there were lots of experiments carried out by all. All children and teachers were scientists for the day! All children who participated on the day were awarded with a Science Certificate. Watch out for all the photographs of the day that are displayed on the school windows!
Nuachtlitir na seachtaine
23/05/2011

     ************************
Comhghairdeas le gach éinne i Rang a 2. Ghlac siad an Chéad Chomaoineach ar an Satharn seo caite agus bhí gach aon rud go hiontach. Tá moladh mór ag don Mhúinteoir Jacinta a réitigh na páistí don ócáid speisialta seo agus le Eilís agus Anita a d’eagraigh na soutains dúinn. Ár mbuíochas le CAIRDE a rinne sár-jab leis an gcóisir san Áras ina dhiaidh, mar is gnáth – maith sibh ar fad! Chuir an cóisir agus na n-iarrachtaí ar fad go mór leis an ócáid agus bhí lá speisialta acu mar gheall ar na comhiarrachtaí.
Buíochas le gach éinne a d’fhág bia isteach dúinn freisin – bhí sé go hálainn.
Congratulations to the children in Rang a 2 who made their First Holy Communion on Saturday. The ceremony was beautiful and the children were very well behaved and perfectly organised. Many thanks to Múinteoir Jacinta who prepared the children so well and to Eilís and Anita for arranging the soutains.  We would like to thank Cairde for organising a wonderful party in the Áras after the ceremony. The party and all help provided, added greatly to the occasion and the children had a wonderful day as a result of the joint efforts by all involved. Many thanks to those parents who left in food for the party – it was lovely.

* * * * * * * * * * * * * * *

Beidh Lá Eolaíochta againn sa scoil ar an gCéadaoin beag seo agus beidh gach rang gníomhach ar an lá. Beidh go leor turgnaimh le déanamh ag na páistí ar an lá agus beidh gach duine ag obair mar eolaí ar an lá chomh maith!
The school will be having our Science Day this Wednesday. All the classes will be active on the day and there will be lots of experiments to be carried out on the day. All children and teachers will be scientists for the day!

***********************
Ní bheidh aon Club Obair Bhaile amárach, Dé Máirt, mar gheall ar an gcúrsa cead cabhair atá ar siúl ag an bhfoireann scoile.
There will be no Homework Club tomorrow, Tuesday, due to the staff First Aid Course tomorrow.

************************
Má tá aon bhosca bróga ag aon duine, nó aon bhosca leis an gcruth céanna, an féidir libh iad a sheoladh isteach roimh an gCéadaoin le bhur dtoil. Tá siad ag teastáil don Lá Eolaíochta.
If anyone has any shoe boxes or boxes of a similar shape at home, could you please send them in before Wednesday as they are required for the Science Day.

************************
Chonaic na páistí geansaí spóirt sínithe ag an bhfoireann peile Baile Átha Cliath ar an Aoine seo caite. Tá siad ag bailiú airgead do Chumann Ailse na hÉireann agus beidh crannchur i gceist leis an geansaí. Is féidir le aon duine euro amháin a sheoladh isteach an tseachtain seo chun na ticéid a cheannach. Níl aon bhrú ar aon duine iad a cheannach áfach.
We had a framed Dublin jersey signed by the County football team on Friday. They are collecting money for the Irish Cancer Society and the jersey will be raffled. The children can bring in €1 to buy raffle tickets if they wish. There is no pressure on anyone to purchase tickets.

********************

 
Tá níos lú na sé seachtaine fágtha sa scoilbhliain seo agus beimid ag lorg ard-chaighdeán ar scoil, leis an nGaeilge, iompar, obair, iarracht agus éadaí scoile mar is gnáth.
Seo meabhrúchán don chód iompair atá againn sa scoil seo.

Tá sé fíor-thábhachtach go mbeidh na páistí ar fad ag caitheamh h-éadaí ceart na scoile ar scoil. Tá cead acu éadaí spóirt a chaitheamh ar an Déardaoin agus ar an Aoine amháin nó má tá traenáil eagraithe ag na múinteoirí.

Tá bríste i gClothiers (4641151) ar €10/€15 anois agus tá €5 ar na carbhait.


An Cód Iompair
Táimid ag díriú isteach ar iompar na bpáistí agus éadaí na bpáistí i gcónaí ar scoil. Seo meabhrúchán don chód iompair atá againn sa scoil. Tháinig múinteoirí, tuismitheoirí agus páistí le chéile chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gCód Iompair. Seo iad na cinntí a rinneamar le chéile.

An Cód Smachta
Bulaíocht ar an gcárta buí as seo amach (bainte den chárta bán)
Liosta Rialacha don chlós ar phóstaer sna ranganna
Cothromaíocht sna pionóis
Poncúlacht – déanach 3 huaire i gcoicís amháin = cárta bán (extenuating circumstances allowable )
Gan an éide scoile ceart 3 huaire i mí amháin = cárta bán
Éadaí srl.

Cosc ar dhath sa ghruaig
Cosc ar shlabhra
Cosc ar smidiú
Cosc ar stíl ghruaige as an gnách
Stoda amháin sa chluas do bhuachaillí agus dhá stoda do chailíní. Níl cead acu fáinne cluaise fada a chaitheamh.
Fáinne slán amháin
Gruaig fhada ceangailte siar (cailíní)

We have less than six weeks left in the school year and we will be expecting high standards with Irish, behaviour, school work, effort and school uniform as normal. Here is a reminder of our Code of Conduct.
It is essential that all children are wearing their proper school uniform. The children are allowed to wear their school tracksuits on Thursday and Friday only or if the teachers have organised training. Clothiers (4641151) in the village

Code of Conduct
We are constantly looking at the behaviour and school clothes of the children. Here is a reminder of our Conduct of Behaviour.

Bullying on the yellow card from now on (removed from the white card)
A list of the yard rules to be displayed in every classroom.
Fairness in the penalty given.
Punctuality – late 3 times in the fortnight = a white card (extenuating circumstances allowable)
Not wearing ALL proper school clothes 3 times in a month = a white card.
No dye or colour in hair.
No chains.
No make-up.
No hairstyles out of the ordinary.
One earring stud allowed for boys and two studs for girls. No long earrings.
One ‘safe’ ring.
Long hair tied back.

Is Mise le Meas,


Caoimhe de Búrca,
Príomhoide
Nuachtlitir na seachtaine
16/05/2011

     ************************
Gaelscoil na Curaidh/Gaelscoil of Champions!

Bhí seachtain an-rathúil ag Muintir Ghaelscoil na Camóige an tseachtain seo caite. Cé go mbímid bródúil astu i gcónaí, bhíomar ríméadach faoin méid duaiseanna a bhain siad amach do chúrsaí spóirt, na ealaíona agus cúrsaí oideachais an tseachtain seo caite. Gaelscoil na Camóige had an extremely successful week last week. We are always very proud of the children, but this week was an exceptional one. 

Discover Primary Science: Bhuaigh na Naíonáin Bheaga agus Rang a hAon an gradam is airde sa tionscnamh ‘Discovery Primary Science’ don mhata agus don eolaíocht. Bhí go leor oibre i gceist leis agus ba mhaith liom ard-mholadh a thabhairt do na Múinteoirí Sharon agus Sandra as ucht an ullmhúcháin agus an obair ar fad a rinne siad don tionscnamh seo.
Junior Infants and First Class achieved the highest accolade in the Discover Primary Science project with an Award of Science and Maths Excellence 2010/2011. There was a lot of preparation and hard work involved in this project and I would like to commend Múinteoir Sharon and Múinteoir Sandra for all their work.

Bog Stop: Chuaigh Rang a 4 ar thuras go Contae na Gaillimhe ar an Dé Céadaoin seo caite chun páirt a ghlacadh sa chlár teilifíse Bog Stop ar TG4. Thaispeáin siad do Mhuintir na Gaillimhe cé chomh láidir agus cliste atá siad agus ní raibh drogall ar bith orthu an bua a bhaint amach sa chomórtas! Mo bhuíochas leis an Múinteoir Donncha a d’eagraigh iad don chomórtas agus na tuismitheoirí a ndeachaigh leo ar an turas fada sin. 4th Class went on a trip to Galway to take part in the TG4 programme Bog Stop. They showed the people in the west just how strong and smart they are and had no problem winning out the competition! Thanks to Múinteoir Donncha who organised the whole free trip and to the parents who travelled with the class on the day.  


Curaidh na hÉireann/All-Ireland Champions!: Bhailigh ionadaí ó Rang a 3 na duaiseanna atá buaite acu i bhFéile Scoildrámaíocht na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh an tseachtain seo caite chomh maith. Bhailigh Eimear Ní Mhaolmhuaidh a gradam siúd don ‘Aisteoir is Fearr’ sa chomórtas iomlán. Fuair siad an corn don dráma is fearr ann freisin. Chomh maith leis sin, d’éirigh le Teígan Ní Mhóráin agus Lara Nic Dhaibhéid an chéad áit a bhaint amach sa chomórtas ealaíne! Maith sibh a pháistí agus a Mhúinteoir Fergus! 
Representatives from 3rd Class attended the award ceremony in Croke Park for the All-Ireland Drama Competition. Eimear Ní Mhaolmhuaidh collected her Best Actress Award in the entire competition. They also received the cup for the Best Drama. As well as that, Teígan Ní Mhoráin and Lara Nic Dháibhéid won joint first place in the art competition! Well done to Múinteoir Fergus and all of 3rd Class!           

Rásaí Trastíre/Cross Country Races: Comhghairdeas le gach duine a bhuaigh bonn nó a ghlac páirt sna rásaí trastíre an tseachtain seo caite chomh maith. Congratulations to everyone who won a medal and who took part in the cross country races last week.     

* * * * * * * * * * * * * * *
Tá Cairde ag eagrú an tSeachtain Ealaíon faoi láthair agus táimid ar fad ag tnúth go mór leis. Tá go leor ullmhúcháin i gceist agus tá siad ag obair go crua chun é a eagrú. Beidh sé ar siúl ón 20 Meitheamh go dtí an 25 Meitheamh agus beidh eolas breise againn faoi níos déanaí. Má tá aon smaointí agaibh labhair le CAIRDE le bhur dtoil. Is féidir libh labhairt le Gwen ar 087-6794147 nó ar an gclós. Táimid ag lorg go leor óglach don Seachtain seo chomh maith.
Cairde are organising an Art’s Week at the moment and we are all looking forward to it. It will take place from June 20th – June 25th and we will have more information about the events at a later date. If anyone has any ideas or contact please speak to CAIRDE. Please contact Gwen at 087-6794147 or on the school yard. Cairde are looking for as many volunteers as possible to help out whenever is suitable during the week. Any donations of food or any items that would be useful for the Art’s Week would also be greatly appreciated.   

***********************
Táimid fós ag fanacht ar airgead don halla, rince, spórt, snámh, ghleacaíocht agus fheadóg stáin. Tá an téarma deireanach buailte linn anois agus tá sé fíor-thábhachtach go mbeadh an t-airgead seo íoctha chomh luath agus is féidir. Más féidir libh é a íoc an tseachtain seo bheinn fíor-bhuíoch. Beidh na leabhairliostaí don bhliain seo chugainn ag dul amach go luath chomh maith. Má tá sibh amhrasach faoi labhair le hEilís faoi. Tá costas €28 i gceist do na Naíonáin don bhliain - (halla, rince, spórt, gleacaíocht)
Tá costas €75 do pháistí Rang a 1 - 6 don bhliain - (halla, rince, spórt, gleacaíocht, snámh, ceachtanna feadóige stáin).
Má tá aon fhadhb ann, ná bíodh drogall oraibh labhairt leis an oifig go príobháideach.
We are still collecting money for the hall, dancing, sport, swimming, gymnastics and tin whistle for this school year. we would appreciate if all outstanding monies could be paid this week. The book lists for nest year will also be going out soon and it is essential that any outstanding monies are settled.
The price for the Infants is €28 for the year (hall, dancing, sport, and gymnastics).
The price for the 1st-6th Class is €75 for the year (hall, dancing, sport, gymnastics, swimming, and tin whistle lessons).
If you have any problems with this, please do not hesitate to contact the office in confidence.

************************
Mar is eol daoibh beidh an Chéad Chomaoineach Naofa ar siúl ar an Satharn beag seo, an 21 Bealtaine. Beidh Cairde ag lorg cabhrach agus bia don féasta a bheadh ar siúl san Áras tar éis an searmanas. As you are aware the First Holy Communion will take place next Saturday, May 21st. Cairde will be looking for assistance and food for the party which will take place in the Áras after the ceremony. All donations and help will be appreciated.

                                                          ********************
Ná déanaigí dearmad Nóta As láithreachta a sheoladh isteach le do pháiste má tá siad as láthair. Please ensure that an Absence Note is sent in with your child following any absence.

**************************
An féidir libh a bheith cinnte go bhfuil an t-airgead istigh do leabhar liosta na Naíonáin Bheaga le bhur dtoil. Please ensure that the Junior Infants book list has been paid.   

**************************
Bhain gach duine sár-taitneamh as an gcuairt ó Chian Mac Giolla Bhríde leis an gcorn, ón bhfoireann rathúil iománaíochta Baile Átha Cliath. Ghlacamar go leor grianghraif agus bhí an-la againn. Everyone thoroughly enjoyed the visit from Cian Mac Giolla Bríde, a member of the successful Dublin Senior League Hurling team with All-Ireland League cup. We took lots of photographs and had a very enjoyable day.

**************************

                                    
Bhí an Múinteoir Jacinta agus an Múinteoir Sinéad ag comhdháil Comenius an tseachtain seo caite san Iodáil. Is tionscnamh é seo a thugann deis dúinn a bheith ag obair le scoileanna ó thíortha éagsúla. Bhíomar ceangailte leis an mBreatain Bheag, an Danmhairg agus an Iorua an uair dheireanach. Íocann Léargas as an turas seo agus tugann sé deis dúinn tionscnamh nua a thosú.  Múinteoir Jacinta and Múinteoir Sinéad attended the Comenius conference in Italy last week. Comenius is a European project that provides schools with the opportunity to work with schools from other countries and to explore their teaching methods and cultures. We have previously been teamed with Wales, Denmark and Norway. Léargas fund this project for schools and it will give us the opportunity to start new projects with European countries.  


*************************

Is Mise le Meas,

Caoimhe de Búrca
Príomhoide

Thursday, May 5, 2011

Baile Átha Cliath Abú!

A Thuismitheoirí Dhil,                                                                                                       05/05/’11
Mar is eol daoibh bhí bua stairiúil ag Baile Átha Cliath i gcluiche Ceannais na Sraithe san Iománaíocht ar an Domhnach seo caite in aghaidh fhoireann Chill Chainnigh. Tá sé eagraithe againn go mbeidh Cian Mac Giolla Bríde, ón bpainéil ag teacht chuig an scoil amárach, Dé hAoine leis an gcorn. Má tá aon gheansaí Bhaile Átha Cliath, nó aon bhrat, banda cinn srl ag na páistí sa bhaile is féidir leo iad a chaitheamh amárach ar scoil lena héadaí spóirt scoile. As you are all aware, the Dublin Senior Hurling team had a historic victory in the All-Ireland League Final on Sunday last against Kilkenny. It has been organised that Cian Mac Giolla Bríde, a member of the victorious Dublin panel will come to the school tomorrow, Friday, with the cup. If the children have any Dublin jerseys, Dublin flags, headbands etc. they can wear them into school tomorrow with their school tracksuits.
Is mise le meas,

Caoimhe de Búrca, Príomhoide
        Nuachtlitir na seachtaine
03/05/2011

     ************************
Céad míle fáilte ar ais roimh gach éinne. Tá súil agam go raibh Cáisc mhaith ag gach duine agus go bhfuilimid ar fad réidh le téarma úr taitneamhach, tairbhreach a bheith againn.
A hearty welcome back to one and all. I hope that everyone had a great Easter and that we are all well rested and ready for an enjoyable and fruitful new school term.

* * * * * * * * * * * * * * *
Tá Cairde ag eagrú an tSeachtain Ealaíon faoi láthair agus táimid ar fad ag tnúth go mór leis. Tá go leor ullmhúchán i gceist agus tá siad ag obair go crua chun é a eagrú. Beidh sé ar siúl ón 20 Meitheamh go dtí an 25 Meitheamh agus beidh eolas breise againn faoi níos déanaí. Má tá aon smaointí agaibh labhair le CAIRDE le bhur dtoil. Is féidir libh labhairt le Gwen ar 087-6794147 nó ar an gclós. Táimid ag lorg go leor óglach don Seachtain seo chomh maith.
Cairde are organising an Art’s Week at the moment and we are all looking forward to it. It will take place from June 20th – June 25th and we will have more information about the events at a later date. If anyone has any ideas or contact please speak to CAIRDE. Please contact Gwen at 087-6794147 or on the school yard. Cairde are looking for as many volunteers as possible to help out whenever is suitable during the week. Any donations of food or any items that would be useful for the Art’s Week would also be greatly appreciated.   

***********************

Táimid fós ag fanacht ar airgead don halla, rince, spórt, snámh, ghleacaíocht agus fheadóg stáin. Tá an téarma deireanach buailte linn anois agus tá sé fíor-thábhachtach go mbeadh an t-airgead seo íoctha chomh luath agus is féidir. Más féidir libh é a íoc an tseachtain seo bheinn fíor-bhuíoch. Beidh na leabhairliostaí don bhliain seo chugainn ag dul amach go luath chomh maith. Má tá sibh amhrasach faoi labhair le hEilís faoi. Tá costas €28 i gceist do na Naíonáin don bhliain - (halla, rince, spórt, gleacaíocht)
Tá costas €75 do pháistí Rang a 1 - 6 don bhliain - (halla, rince, spórt, gleacaíocht, snámh, ceachtanna feadóige stáin).
Má tá aon fhadhb ann, ná bíodh drogall oraibh labhairt leis an oifig go príobháideach.
We are still collecting money for the hall, dancing, sport, swimming, gymnastics and tin whistle for this school year. we would appreciate if all outstanding monies could be paid this week. The book lists for nest year will also be going out soon and it is essential that any outstanding monies are settled.
The price for the Infants is €28 for the year (hall, dancing, sport, and gymnastics).
The price for the 1st-6th Class is €75 for the year (hall, dancing, sport, gymnastics, swimming, and tin whistle lessons).
If you have any problems with this, please do not hesitate to contact the office in confidence.

************************
Mar is eol daoibh beidh an Céad Chomaoineach Naofa ar siúl ar an Satharn, an 21 Bealtaine. Beidh Cairde ag lorg cabhair agus bia don féasta a bheadh ar siúl san Áras tar éis an searmanas. As you are aware the First Holy Communion will take place on Saturday, May 21st. Cairde will be looking for assistance and food for the party which will take place in the Áras after the ceremony. All donations and help will be appreciated.

                                                          ********************
     
Tá an téarma eile den Chlub Obair Bhaile ag tosú inniu. Caithfear an t-airgead a bheith istigh roimh an Aoine seo, an 6 Bealtaine.
The new term for the Homework Club commences today. The money needs to be in by Friday.    

**************************
Beidh an chéad téarma eile de na ranganna giotár ag tosú ar an gCéadaoin seo chugainn, an 11 Bealtaine. Beidh sé seachtaine i gceist an téarma seo agus beidh costas €35 i gceist don téarma seo. An féidir libh an t-airgead a íoc roimh an chéad cheacht le bhur dtoil.
The next term for the guitar will be commencing next Wednesday, May 11th. This term is a short one and will cost €35. Please pay before the first guitar lesson next week.

**************************
Beidh an Múinteoir Sharon agus an Múinteoir Jacinta ag tosú na ranganna ealaíne arís le páistí ar an gCéadaoin seo chugainn, an 11 Bealtaine. Beidh costas €40 i gceist agus beidh na ranganna ar siúl ar an gCéadaoin ó 2:30-3:45. Má tá suim ag do pháiste is féidir leat an t-airgead a fhágáil san oifig nó leis an Múinteoir Sharon roimh an chéad cheacht.Múinteoir Sharon and Múinteoir Jacinta will be recommencing the art classes next Wednesday, May 11th. There will be a cost of €40 for this short term and the classes will take place on Wednesdays from 2:30-3:45. If your child is interested you can pay at the office or to Múinteoir Sharon or Múinteoir Jacinta before the first lesson.

**************************
An féidir leis na páistí na huirlisí ceoil a thabhairt ar scoil ar an gCéadaoin do chleachtadh le bhur dtoil. Can the children please bring in their musical instrument for practice on Wednesday.

                                                ****************************
Beidh na ceachtanna don Fheadóg stáin ag tosú ar an gCéadaoin beag seo. An féidir libh a bheith cinnte de go bhfuil feadóg stáin ag do pháiste ar an gCéadaoin le bhur dtoil. Tá feadóg stáin ar díol sa scoil ar chostas €4.
The tin whistle classes will be recommencing on Wednesday. Can you please ensure that your child has their tin whistle in school on Wednesday. Tin whistles are available in the school at a cost of €4. 

*************************
An féidir libh na boscaí Trócaire a thabhairt isteach an tseachtain seo chuig an Múinteoir Eimear le bhur dtoil. Ní ghlacfaidh an scoil leo an tseachtain seo chugainn ach is féidir libh iad a fhágáil sa séipéal tar éis na seachtaine seo chomh maith.
Please send in any Trócaire boxes to Múinteoir Eimear this week only. The school will not accept boxes after this week, but they can also be left into the church.

**************************
Ná déanaigí dearmad go bhfuil Rang a 1 agus Rang a 5 ag dul ag snámh an téarma seo. Tá sé fíor-thábhachtach go bhfuil éadaí snámha, hata snámha agus €1 acu ar fad gach Aoine.
Don’t forget that 1st Class and 5th Class will be going swimming this term, starting this Friday, May 6th. It is important that all children come to school with their swimming clothes, swimming hat and €1 every Friday.
***********************
Beidh Anita Conlon ó Accord ag tógáil Rang a 5 agus Rang a 6 an tseachtain seo chugainn chun an tOideachas Caidrimh a dhéanamh leo (Rang a 5 – 11 Bealtaine, Rang a 6 – 10 Bealtaine). Ta foirmeacha ag dul abhaile leis na ranganna sin faoi. Bheinn fíor-bhuíoch dá mbeadh sibh in ann iad a shíniú agus iad a sheoladh ar ais roimh an Aoine beag seo.
Anita Conlon from Accord, will be taking 5th and 6th Class next week for the Relationships Programme. (5th Class- 11th of May, 6th Class – 10th of May). Forms have been sent home with the children in relation to this. We would appreciate it if you could sign these forms and return them to the class teacher by Friday.

************************
Beidh na trialacha ar siúl ar an Déardaoin beag seo don lúthchleasaíocht a bheidh ar siúl i Seantrabh mar is gnáth i Mí Meithimh. Baineann an comórtas seo le Ranganna a 3 - 6. 
The athletics trials will be commencing tomorrow in the school shortly for Santry Sports with Múinteoir Fergus. This competition relates to 3rd – 6th classes.

***************************
Is Mise le Meas,

Caoimhe de Búrca
Príomhoide