Wednesday, September 7, 2011

NUACHTLITIR NA SCOILE
05-09-11

* * * * * * * * * * *

Naíonáin Bheaga

Comhghairdeas leis na Naíonáin Bheaga a chríochnaigh a gcéad sheachtain i nGaelscoil na Camóige. Táim lán chinnte go raibh páistí ciúine traochta agaibh don deireadh seachtain!   Congratulations to the Junior Infants who have completed their first week in their school life in Gaelscoil na Camóige. I am sure that you all had quiet and exhausted children for the weekend!


Clár Ama na Naíonán Beag/Junior Infant Timetable:

Dé Luain/Monday 05/09/2011 – Aoine / Friday 09/09/2011

8.50a.m.-12.00a.m.

An chuid eile den bhliain ag tosú 
The rest of the year from 12/09/2011
8.50a.m.-1.30p.m.
****************
Meabhrúchán/Reminder – Cruinniú Cairde
Beidh cruinniú Cairde ar siúl inniu, Dé Luain um tráthnóna san Áras. Tógann an ceangal idir scoil agus baile ról níos éifeachtaí fós i bhfoirm an choiste tuismitheoirí CAIRDE. Tá gach tuiste ina bhall de CHAIRDE má tá páiste acu sa scoil. Is coiste é seo ina dtagann tuistí le chéile le cabhrú leis an scoil pé bealach agus is féidir leo.
There will be a Cairde meeting in the Áras at 7:00 this evening. The Home-School links are promoted through our parent’s committee. Every parent is a member of the committee and welcome to join in. The committee is a group of parents who come together to help out in the school in whatever way they can. We hope to see a great number of parents at the meeting

****************
Táimid ag bailiú an airgid don halla, rince, spóirt, snámh agus fheadóg stáin. Tá costas €35 i gceist do na Naíonáin don bhliain - (halla, rince, spórt)
Tá costas €61 do pháistí Rang a 1 - 6 don bhliain - (halla, rince, spórt, snámh, ceachtanna feadóige stáin).
Seol an t-airgead isteach roimh an 5 Deireadh Fómhair le bhur dtoil. Má tá aon fhadhb ann, ná bíodh drogall oraibh labhairt leis an oifig go príobháideach.
We are collecting the money for the hall, dancing, sport, swimming, gymnastics and tin whistle now.
The price for the Infants is €35 for the year (hall, dancing, sport).
The price for the 1st-6th Class is €61 for the year (hall, dancing, sport, swimming, and tin whistle lessons).
Please send in the money before October 5th. If you have any problems with this, please do not hesitate to contact the office in confidence.

****************

********************

Beidh foirne peile na scoile ag tosnú ar chluichí a imirt i gcomórtas Chumann na mBunscol go luath agus guímid gach rath orthu. (Imreofar an iomáint i ndiaidh na Nollag.) Coinnigh súil amach do litir ón Múinteoir Donncha faoin traenáil srl.
The school football team will be in full swing soon in the Cumann na mBunscol league as usual and we wish them the very best. (Hurling will begin after Christmas.) Keep an eye out for a note from Múinteoir Donncha in relation to training etc.

         * * * * * * * * * * *
Beidh Rang a 3 agus Rang a 6 ag tosú leis na ranganna snámha ar an Aoine beag seo. Ná déanaigí dearmad éadaí snámha, hata, tuáille , fobhrístí agus €1 don taisceadán a thabhairt isteach gach Aoine.
3rd Class and 6th Class will start swimming lessons this Friday. Please ensure that each child has a swimming costume, hat, towel, underwear and a €1 for the locker every Friday.  

     * * * * * * * * * * *
An féidir libh clúdach a chur ar na leabhair scoile an tseachtain seo le bhur dtoil agus na leabhair scoile atá clúdaithe a sheoladh ar ais chomh maith.
Please cover any school books that have not been covered and send in all covered school books this week.

****************
Níl madraí ceadaithe ar an gclós scoile. Níl cead ag na páistí a bheith ag rothaíocht ar an gclós ach an oiread. Dogs are not permitted within the school yard. The children are not allowed to cycle on the yard either as this can be dangerous. 


****************
Beidh Aifreann thús na bliana ar siúl ar an Aoine, an 16 Meán Fómhair ag a 11:00 (11:30 má tá sochraid ar siúl) sa séipéal sa sráidbhaile. Tá fáilte roimh cách. There will be a mass for the new school year in the church in the village at 11:00 (11:30 if there is a funeral ceremony taking place) on Friday, September 16th. All are welcome.


Ba mhaith liom a mheabhrú do thuismitheoirí nach bhfuil cead tiomáint isteach trí gheataí Áras Chrónáin. Caithfear na páistí a shiúil isteach tríd an geata siúlóide ar thaobh an phríomhgheata. Agus tuistí ag bailiú páistí is féidir teacht isteach sa chlós agus iad a bhailiú nuair a thagann siad amach ó na seomraí. Má tá éinne ag teacht chun páiste a bhailiú go luath caithfidh siad dul chuid an oifig chun iad a fháil.
I would like to remind parents that Muintir Chrónáin have instructed us that cars are not permitted through the gates of Áras Chrónáin. Children may be walked through the pedestrian gate beside the main gate or through the gate at the back of the Áras from
Orchard Road
. When parents are collecting their children please wait in the school yard and collect them when they come out from the classrooms. All children collected early or for appointments must be collected from the office so as not to disturb the class work. Lunches and messages can also be dropped off  to the office.

* * * * * * * * * * *
An féidir libh súil géar a choinneáil ar na páistí óga a bhíonn ag fanacht ar deartháireacha/deirfiúracha ag a 1:30 agus a 2:30. Tá cúpla páistí ag rith isteach sna ranganna agus cuireann sé sin isteach ar an obair atá ar siúl ann. Níl cead ag aon pháiste a bheith ag luascadh ar na ráillí ach an oiread.
Please ensure that the younger children who come to collect brothers/sisters at 1:30 and 2:30 do not run into the classrooms or halls. Some children have been entering the classrooms disrupting the class work. Please also ensure that no children are swinging on the railings as this extremely dangerous and is not permitted.

******************

Beidh na ceachtanna don fheadóg stáin ag tosú ar an Aoine beag seo. Beidh ceacht acu gach dara seachtain. Beidh Rang a 1, 2 agus a 3 ag tosú ar an Aoine seo agus Rang a 4, 5, 6 ag tosú ar an Aoine, an 16 Meán Fómhair. Bígí cinnte go bhfuil na feadóga acu sna málaí scoile ar an Aoine go háirithe le bhur dtoil.
Tin whistle classes will recommence this Friday. The children will have lessons every second week for the year. 1st, 2nd and 3rd Class will start this Friday and 4th, 5th and 6th Class will start on Friday, September 16th. Please ensure that the children have their tin whistles every Friday.

* * * * * * * * * *
Tá dhá pholasaí scoile ag dul abhaile inniu – Polasaí maidir le húsáid an Idirlín agus Polasaí i leith Coimirce Leanaí/Scaradh na dTuismitheoirí. Má tá aon cheisteanna agaibh ná bíodh drogall oraibh labhairt leis an oifig le bhur dtoil.
Two school policies have been sent home today – Internet Use Policy and the Policy on Custody/Separation. If you have any queries please do not hesitate to contact the office.

* * * * * * * * * * *
Tá an Club Obair Bhaile ag tosú inniu. Ní bheidh sé ar siúl amárach mar gheall ar Chruinniú Foirne.
The Homework Club is recommencing today. There will be no club tomorrow, Tuesday, September 6th due to a staff meeting.

*****************



Is mise le meas,

__________________
Caoimhe de Búrca, Príomhoide
NUACHTLITIR NA SCOILE
29-08-11
Céad míle fáilte ar ais roimh gach éinne. Tá súil agam go raibh samhradh maith ag gach duine agus go bhfuilimid ar fad réidh le bliain úr thaitneamhach, thairbhreach a bheith againn. Tá fáilte speisialta roimh na naíonáin nua.
A hearty welcome back to one and all. I hope that everyone had a great summer and that we are all well rested and ready for an enjoyable and fruitful new school year. A special welcome to our new Junior Infants who begin the school journey today.

* * * * * * * * * * *

                       Clár Ama na Naíonán Beag/Junior Infant Timetable

 An Chéad agus an Dara Lá /The First and Second Day

Luan agus Máirt / Monday and Tuesday 29 & 30/08/2011

9.00a.m.-11.00a.m.

Dé Céadaoin /Wednesday 31/08/2011 – Aoine / Friday 09/09/2011

8.50a.m.-12.00a.m.

An chuid eile den bhliain ag tosú 
The rest of the year from 12/09/2011
8.50a.m.-1.30p.m.

****************
Beidh foirne peile na scoile ag tosnú ar chluichí a imirt i gcomórtas Chumann na mBunscol go luath agus guímid gach rath orthu. (Imreofar an iomáint i ndiaidh na Nollag.) Coinnigh súil amach do litir ó Mhúinteoir Donncha faoi thraenáil srl.
The school football team will be in full swing soon in the Cumann na mBunscol league as usual and we wish them the very best. (Hurling will begin after Christmas.) Keep an eye out for a note from Múinteoir Donncha in relation to training etc.

                                   * * * * * * * * * * *
Cuirfear na leabhair scoile abhaile an tseachtain seo. An miste libh iad a chlúdach agus a sheoladh isteach roimh an Mháirt seo chugainn.
School books will go home in the bags later this week. Could you please cover them and have them back in the school before this day week at the latest, many thanks.
                                  * * * * * * * * * * *

Sa chaoi is nach mbeidh éadaí srl. caillte ag na páistí cuirigí a n-ainmneacha ar gach aon rud a thógann siad ar scoil.
To avoid lost clothing etc. please put your child’s name on everything that s/he brings to school.

*****************


Ba mhaith liom a mheabhrú do thuismitheoirí nach bhfuil cead tiomáint isteach trí gheataí Áras Chrónáin. Caithfear na páistí a shiúil isteach tríd an geata siúlóide ar thaobh an phríomhgheata. Agus tuistí ag bailiú páistí is féidir teacht isteach sa chlós agus iad a bhailiú nuair a thagann siad amach ó na seomraí. Má tá éinne ag teacht chun páiste a bhailiú go luath caithfidh siad dul chuid an oifig chun iad a fháil.
I would like to remind parents that Muintir Chrónáin have instructed us that cars are not permitted through the gates of Áras Chrónáin. Children may be walked through the pedestrian gate beside the main gate or through the gate at the back of the Áras from
Orchard Road
. When parents are collecting their children please wait in the school yard and collect them when they come out from the classrooms. All children collected early or for appointments must be collected from the office so as not to disturb the class work. Lunches and messages can also be dropped off  to the office.

* * * * * * * * * * *
Tá an-chuid cainte na laethanta seo faoi na rud a thugaimid dár bpáistí le hithe. Mar is eol daoibh tá polasaí lóin sláintiúil againn i nGaelscoil na Camóige le fada an lá. Níl cead ag páistí aon bhia nó deoch nach bhfuil sláintiúil a thabhairt ar scoil. Níl cead acu aon chnónna  a thabhairt isteach ach an oiread.
There is a lot of talk these days about what we are feeding our children. At Gaelscoil na Camóige we have a successful healthy lunch policy in operation for some years now. Children are only permitted to bring drinks and foods to school that are healthy. Food containing nuts are also not permitted.

* * * * * * * * * *
Iarrann ár n-árachasóir orainn a mheabhrú do thuismitheoirí go dtosnaíonn an scoil ag a 8.50 a.m. agus go gcríochnaímid ag a 1.30p.m. do na naíonáin agus 2.30p.m. do na ranganna eile. Ní féidir leis an scoil a bheith freagrach as na páistí taobh amuigh de na hamanna sin. Iarraimid ar thuismitheoirí na páistí a fhágáil ar scoil in am agus iad a bhailiú ón scoil in am ag deireadh an lae.
Our insurers ask us to remind parents that the school opens at 8.50 a.m. and finishes at 1.30 p.m. for infants and 2.30 p.m. for all other classes. The school cannot be responsible for children outside of these times. I would ask all parents to be punctual in leaving the children to school in the morning and collecting them in the afternoon.

* * * * * * * * * * *

Beidh Rang a 3 agus Rang a 6 ag dul ag snámh an téarma seo, ag tosú ar an Aoine, an 9 Meán Fómhair. Tá sé fíor-thábhachtach go bhfuil éadaí snámha, hata snámha agus €1 acu ar fad gach Aoine.
3rd Class and 6th Class will be going swimming this term, starting Friday, September 9th. It is important that all children come to school with their swimming clothes, swimming hat and €1 every Friday.

*************************





Laethanta Saoire 2011 – 2012/ School Holidays 2011/2012
Na páistí ar ais ar an 29 Lúnasa. Lá Pleanála ag na múinteoirí ar an Aoine, an 26 Lúnasa. The children starting their new school year on Monday, August 29th. Planning Day for teachers on Friday, August 26th.
Briseadh Meán Téarma/Midterm break – 31 Deireadh Fómhair/October – 4 Samhain/November (san áireamh/inclusive)
An Nollaig/Christmas – An Déardaoin, an 22 Nollaig/Thursday, December 22nd(leath lá/half day) – 6 Eanáir/January 6th
Ar ais ar an Luan, an 9 Eanáir/Back Monday, January 9th
Briseadh Meán Téarma – 13-17 Feabhra (san Áireamh)/ Midterm break – 13-17 February (inclusive)
19 Márta/March – Lá Saoire Phoiblí/ Public Holiday.
An Cháisc – Leath lá ar an 30 Márta/ Easter – half day on March 30th.
Ar ais ar an 16 Aibreáin/ back on April 16th.
Lá Saoire Bainc – 7 Bealtaine/ Bank holiday – May 7th.
8 Bealtaine – dúnta/ May 8th – closed.
Lá Saoire Bainc – 4 Meitheamh/ June Bank Holiday – June 4th
5 Meitheamh – dúnta/ June 5th – closed.
Ag críochnú ar an Déardaoin, an 28 Meitheamh/ Half day on Thursday, June 28th.

I gcás práinneach bíonn orainn an scoil a dhúnadh don droch aimsir, srl. Agus is féidir linn an tseachtain i Mí Feabhra a laghdú más gá (má tá trí lá nó níos mó caillte againn.)
The week in February may be subject to change if we are forced to close the school for three days or more  due to adverse weather conditions.

****************

LÁ TEAGHLAIGH – FAMILY DAY
Áras Chrónáin Ionad Cultúrtha
Satharn 10/09/2011 1.00-3.30P.M.

CEOL – RINCE – TÓRAÍOCHT TAISCE – PÉINTEÁIL AGHAIDHE & NÍOS MÓ
MUISC – DANCING – TREASURE HUNT – FACE PAINTING & MUCH MORE

Lá oscailte don chlann ar fad le go leor imeachtaí agus spraoi, soláistí agus cairde. Bigí Linn. SAOR!
Open day for all the family with lots of events and fun, refreshments and friends. Join Us. It’s FREE!











An Cód Iompair
Táimid ag díriú isteach ar iompar na bpáistí agus éadaí na bpáistí i gcónaí ar scoil. Seo meabhrúchán den chód iompair atá againn sa scoil. Tháinig múinteoirí, tuismitheoirí agus páistí le chéile chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gCód Iompair. Seo iad na cinntí a rinneamar le chéile.

An Cód Smachta
Bulaíocht ar an gcárta buí as seo amach (bainte den chárta bán)
Liosta Rialacha don chlós ar phóstaer sna ranganna
Cothromaíocht sna pionóis
Poncúlacht – déanach 3 huaire i gcoicís amháin = cárta bán (limthosca maolaitheacha incheadaithe )
Gan na héadaí scoile ceart 3 huaire i mí amháin = cárta bán
Éadaí srl.

Cosc ar dhath sa ghruaig
Cosc ar shlabhra
Cosc ar smidiú
Cosc ar stíl ghruaige as an gnách
Stoda amháin sa chluas do bhuachaillí agus dhá stoda do chailíní. Níl cead acu fáinne cluaise fada a chaitheamh.
Fáinne slán amháin
Gruaig fhada ceangailte siar (cailíní)

Code of Conduct
We are constantly looking at the behaviour and school clothes of the children. Here is a reminder of our Conduct of Behaviour.

Bullying on the yellow card from now on (removed from the white card)
A list of the yard rules to be displayed in every classroom.
Fairness in the penalty given.
Punctuality – late 3 times in the fortnight = a white card (extenuating circumstances allowable)
Not wearing ALL proper school clothes 3 times in a month = a white card.
No dye or colour in hair.
No chains.
No make-up.
No hairstyles out of the ordinary.
One earring stud allowed for boys and two studs for girls. No long earrings.
One ‘safe’ ring.
Long hair tied back.


Is mise le meas,

__________________
Caoimhe de Búrca, Príomhoide