Baile   Articles posted by Rang 1

Rang 1

Posts byRang 1

An Teach Gréine

An Teach Gréine Chonaiceamar teach gréine i Ysgol Nantgaredig sa Bhreatain Bheag, scoil a raibh baint aige léi agus sinn ag obair ar Thionscadal Comenius. Bheartaíomar teach gréine dar gcuid féin a thógáint ina dhiaidh sin. Rinne páistí na scoile athchúrsáil ar bhuidéil phlaisteacha dhá líotar a bhí acu sa bhaile trí na buidéil a úsáid chun an teach a thógaint. Bhí an Múinteoir
Tuilleadh »


Gairdín na gCéadfaí

Thugamar faoi Ghairdín na gCéadfaí a chur le chéile i ndiaidh dúinn tabhartas a fháil ó dhuine den phobalscoile le caitheamh ar an mBrat Glas. Bhí an Múinteoir Jacinta agus an feighlí scoile, Harry, ag obair air le páistí ó ranganna éagsúla. Is Gairdín Céadfaí é atá dírithe ar na cúig chéadfa; Radharc: bláthanna ar dhathanna éagsúla agus tíleanna péinteáilte. Blas: luibheanna éagsúla (tím,
Tuilleadh »


Glasraí ag Fás sa Cheapach

Táimid ag obair ar an chúigiú brat glas faoi láthair. An Bhithéagsúlacht atá mar théama air. Tá ceachtanna agus tionscadail éagsúla déanta ag na múinteoirí leis na páistí chun tuiscint i leith théama na Bithéagsúlachta a chur chun cinn. D’fhoghlaim Rang na Naíonán Beag faoi bhoilb agus féileacáin. Rinne Rang na Naíonán Mór cloigne féir agus d’úsáideadar goradáin le haghaidh éanlaitheachta sa seomra ranga.
Tuilleadh »


Ceardlann ReCreate, Aibreán, 2016

Bhí beirt istigh ó ReCreate chun ceardlanna a dhéanamh leis na páistí a bhí dírithe ar théama na bithéagsúlachta. Is mar chuid den mBrat Glas a reachtáladh na ceardlanna seo. Rinne Rang a hAon bláthanna ar an lá agus bhaineadar an-taitneamh as.


Turas Scoile Rang a hAon ar Dhún Leamhcáin

Chuaigh Rang a hAon agus Rang a Dó go Dún Leamhcáin ar a dturas scoile i mbliana. Bhain gach éinne an-taitneamh go deo as an turas. Chuaigh an dá rang amach le chéile ar an mbus. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch. Bhí an Múinteoir Oisín ag spraoi ar an zip-líne. Bhí sleamhnán ollmhór ann ar bhain na páistí an-taitneamh as. Bhí an-spraoi
Tuilleadh »


loading