Baile   "Nuacht" (Page 3)

Nuacht

Bás agus sochraid ár gcara Erica Ní Dhraighneain

A Chairde, Please find enclosed further details of the tragic death and upcoming funeral of our friend Erica Ní Dhraighneain. Le Gach Dea ghuí, Caoimhe de Búrca Príomhoide Litir agus eolas faoi Erica bocht Guidelines


Lá Stairiúil i bPáirc an Chrócaigh

Bhí lá stairiúil againn i bPáirc an Chrócaigh inné nuair a d’éirigh le foireann camógaíochta Ghaelscoil na Camóige an Sciath INTO a bhaint amach! Is é seo an dara uair i mbliana go ndeachaigh foireann de chuid na scoile chuig Páirc an Chrócaigh agus a bhain bua amach. A leithead go ‘Double’. Téigh go Gailearaí chun tuilleadh pictiúirí a fheiceáil!


Lá Clainne i nGaelscoil na Camóige

Lá Clainne ar siúil ar 11.6.16 ó 1pm – 5pm. Bígí linn! Beidh bia, deochanna agus caisleáin preabadh, An Kube, Stáisiún féin-pic agus tuilleadh eile!


Seantreabh Lá 1agus 2

Téigh chuig an Gailearaí chun pictiúirí a fheiceáil ó Lá 1 agus 2 i Seantreabh a bhí ar siúil inniu!


Seaimpíní Iománaíochta Faoi 11

Comhghairdeas ó chroí leis an bhfoireann faoi 11 iománaíochta a bhuaigh an léig inné. Bhí 4 cluiche as a chéile buaite ag na buachaillí roimh an cluiche deireanach i gcoinne GS Naomh Pádraig i Leamhchán. Chuaigh na buachaillí chun cinn go luath agus bhí an cuma ar an scéal nach raibh siad chun an cluiche a chailliúnt. Chuir lár na páirce an t-uafás liathróid
Tuilleadh »


Tuairisc Nósanna Digiteach Zeeko

Tá Tuairisc Nósanna Digiteach Zeeko do Ghaelscoil na Camóige ar fáil anois. Féach an nasc thíos. Tuairisc Nósanna Digiteach Zeeko


Tumoideachas ag tosú i Mí Meán Fómhair 2016

Beidh Gaelscoil na Camóige ag cur tús le Tumoideachas sa scoil i Mí Meán Fómhair 2016. Féach ar an nasc thíos le tuilleadh eolais a fháil faoi céard is Tumoideachas ann. Tumoideachas


Ceardlann Sábháilteachta Digití

A Chairde, Beidh Ceardlann Sábháilteachta Digití ar siúil go luadh. Féach ar an póstaer i gcomhair tuilleadh eolais. Flyer to invite GAELSCOIL NA CAMOIGE(827)


Lúthchleasaíocht

Tá an chéad rás ar siúil inniu ar an bpáirc in aice leis an linn snámha ag 11am. Beidh na páistí ag fágáil na scoile ag 10:35 agus ar ais arís ag 12:20. Go n-eirí go geal leo! Níl aon traenáil lúthchleasaíocht i ndiaidh am scoile inniu.


Bailiúchán Bia

Rinne Gaelscoil na Camóige bailiúchán bia don chárthanacht Naomh Uinseann de Pól.   Bhí gach éinne an-fhlaithiúlach agus tháinig go leor bia isteach.  Bhí muintir Naomh Uinseann de Pól an bhuíoch as an méid bia a fuaireadar uainn.  Míle buíochas as ucht bhur gcuid cabhrach ar fad leis an mbailiúchán.


loading