Baile   Gailearaí   Páirc an Chrócaigh 3/11/15

Páirc an Chrócaigh 3/11/15

Ár lá i bPáirc an Chrócaigh

Chuamar chuig Páirc and Chrócaigh ar an Máirt, 3ú Samhain.  Is é seo an páirc imeartha is fearr faoi luí na gréine.  Bhí mé ar bís nuair a tháinig an bus.  Shuigh mé in aice le mo chara Émí.  Nuair a bhí an turas bus thart, bhí an-sceitimíní orm.  Bhí daoine ag fanacht orainn nuair a shroich muid Páirc an Chrócaigh. Lean muid iad go seomra a bhí faoi an stáid. Ní seomra gléasa a bhí ann mar go raibh astro mar an úrlár.  Rinneamar cúpla druil peile ansin.  Leag Múinteoir Olivia amach an foireann; bhí mé os comhair ár cúl báire Jade.  Is breá liom a bheith mar cosintóir!

Nuair a chuamar amach ar an bpáirc bhí mo chroí i mo bhéal agam.  Bhí mé ag iarraidh imirt i bPáirc an Chrócaigh ó nuair a raibh mé an-óg ar fad.  Bhí Scoil Dominic an-mhaith mar fhoireann, ach bhí muidne níos fearr.  Bhí muid ag buachaint ag leath ama.  Bhí mé beagnach ag damhsa le háthas nuair a shéid an réiteoir an fhéadóg deireanach.  Bhí an cluiche thart.  Bhí an lá linn!  Bhuamar an cluiche i bPáirc an Chrócaigh!  Chuaigh an lucht féachanna Gaelscoil na Camóige craiceáilte!  Tar éis an cluiche chuaigh an fhoireann chuig McDonald’s chun céiliúradh.  Bhí lá den chéad scoth agam!  Cuimhnóidh mé ar an lá seo don chuid eile de mo shaol.

Scríofa ag Saoirse NG. Rang 6.

 Lean an nasc seo chun tuilleadh pictiúirí a fheiceáil.

https://www.flickr.com/photos/cnmb_ath_cliath/albums/72157661033595645/with/22893185252/

 

  • 22488294678_8397aff61c_k
  • 22917787401_4fafa3282a_k
  • 22488324598_e8f4e7d792_k
  • 22488317248_bb25ea9524_k
  • 22918211851_e3a53c02aa_k
  • 22881016286_d08d1ebc5e_k
  • 22514725249_119bdf3638_k
  • 22488540068_b12f2dee6e_k
  • 22893368852_cba695c6c3_k
  • 22917907831_8499d3b035_k
  • 22488446048_a5309de080_k
  • 22514583169_be1f8db19e_k
  • 22906684645_7727531abf_k
  • 22514519339_6853d99384_k
 
loading