Stair / History

Bunaíodh Scoil na Camóige sa bhliain 1993. Bhí go leor tuismitheoirí i gCluain Dolcáin ag an am sin nach raibh in ann oideachas trí Ghaeilge a fháil dá bpáistí. Dá bhrí sin d’eagraigh said iad féin mar ghrúpa tuismitheoirí le chéile agus le cabhair ó Mhuintir Chrónáin (a chuir suíomh agus foirgneamh ar fáil) bhunaigh siad Scoil na Camóige. Thosaigh 23 páiste faoi stiúr mhúinteoir amháin an bhliain sin. Tosaíodh an scoil faoi aitheantas sealdach tugtha ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.

Bliain i ndiaidh bliana cuireadh le líon na ndaltaí agus na múinteoirí. Sa bhliain 1997 tháinig Ultan Mac Mathúna go dtí an scoil mar phríomhoide. I Mí Feabhra na bliana 1998 fuaireamar aitheantas buan ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Faoin mbliain 2000 bhí 216 páiste, príomhoide agus ochtar oide ranga. Sa bhliain 2007 thosaigh Caoimhe de Búrca mar príomhoide na scoile. I mbliana 2011 tá 225 páiste, príomhoide agus deichniúir lán-aimseartha ar an bhfoireann teagaisc (Aoife Ní Rathallaigh, Eimear Billings, Donncha Ó Corcoráin, Sandra Ní Aoláin, Sharon Ní Dhonnabháin, Pól Ó Fearraigh, Oisín Uibh Eachrach, Fearghus Ó Conghaile, Sinead Ní Aonghusa agus Jacinta Ní Shuilleabháin). Anuas ar sin tá triúr Cúntóir do Pháistí le Riachtanas Speisialta, rúnaí agus feighlí scoile.

Scoil na Camóige was founded in 1993. There were many parents who cold not find a place in the scoileanna (All Irish Schools) in the locality. So with the help of Muintir Chrónáin (who provided the site and the original buildings for the school) they founded Scoil na Camóige.  That year the schol started with one teacher and 23 students under temporary recognition from the Department of Education.

Year after year, our school grew in numbers of pupils and staff.  In 1997 Ultan MacMathuna was appointed principal.  In February 1998, the school was awarded permanent recognition by he Department of Education and Science.  By the time we reached September 2000, we had 216 children attending the school and 9 full time teachers.  In 2007, Caoimhe de Burca became principal of the school.  We presently have 225 pupils attending the school and 10 full time teaching staff (Aoife Ní Rathallaigh, Eimear Billings, Donncha Ó Corcoráin, Sandra Ní Aoláin, Sharon Ní Dhonnabháin, Pól Ó Fearraigh, Oisín Uibh Eachrach, Fearghus Ó Conghaile, Sinead Ní Aonghusa and Jacinta Ní Shuilleabháin). We also have three Special Needs Assistants, a school secretary and a caretaker.