Baile   Nuacht   Páirc an Chrócaigh

Páirc an Chrócaigh

Gaelscoil na Camóige Abú!

Comhghairdeas leis an bhfoireann iomáinaíochta a bhuaigh a cluiche leath-ceannas le deanaí. Táimid chomh bródúil as na buachaillí. Bua stairiúil don scoil! Is é seo an céad uair go bhfuil foireann scoile buachaillí ag dul go Páirc an Chrócaigh. Beidh an cluiche ceannas ar siúl ar an Luan, 12ú Meitheamh, ag a 10 i bPáirc an Chrócaigh. Táimid ar fad ar bís! Is ócáid an-mhór é seo don scoil. Tá súil againn go mbeidh slua ann ar an Luan ag tabhairt tacaíocht chuig na buachaillí.

Bus: Táimid tar éis busanna a eagrú ionas go mbeidh an scoil ar fad in ann dul isteach agus tacaíocht a thabhairt ar an lá. Beidh na múinteoirí ó Naíonán Bheaga agus Naíonán Mhóra ag cuartú cúntóirí breise le dul lena rang, mar sin má tá tú saor ar an lá le cabhrú, téigh i dteangmháil leis an múinteoir ranga le bhur dtola. Beidh costas €8.00 i gceist do na páistí (táille isteach agus bus). Níl aon chostas i gceist don fhoireann.

Tuismitheoirí: Má tá tuismitheoirí ag iarraidh teacht linn ar an mbus, tá lán fáilte róimh. Tá praghas €10 ar an mbus agus iontráil. Beidh líon teoranta do shuíochán afách. Tá costas iontráil €5 do dhaoine fásta má tá tú ag iarradih do bhealach féin a dhénamh isteach. Beidh na ticéadaí ar dhíol gach maidin roimh am scoile go dtí an Aoine. Ní ghlacfar ach le ticéadaí i bPáirc an Chrócaigh, mar sin, déan cinnte go bhfuil na ticéadaí faighte agaibh roimh ré.

Níl aon suíochán ar leith againn i bPáirc an Chrócaigh, mar sin, déanaigí cinnte go bhfuil sibh ann breá luadh.

Beidh bratacha agus péint aghaidh againn ar an lá don lucht féachanna. Muna bhfuil cead ag do pháiste péint aghaidh a fháil seol nóta beag isteach chuig an múinteoir ranga.

Tá súil againn bheith ar ais sa scoil ag am lóin mór, 12:20.

Lean an nasc seo i gcóir a thuille eolas: http://www.cnmb.ie/information-for-finalists.asp

Is féidir le tuismitheoirí a bhealach fhéin dhéanamh go dtí an cluiche más mian leo ach ná déanaigí dearmad ar bhur ticéadaí a cheannach roimh ré. Ná déanaigí dearmad bhur dathanna scoile (marún agus bán)

Achoimre

Cad atá ar siúl?; Craobh Sciath Mhic Phiarais, iomáint faoi 13

Dáta; de Luain an 12ú Meitheamh 2017

Áit; Páirc an Chrócaigh

Praghas páistí (bus+iontráil); €8

Praghas tuismitheoirí (bus+iontráil); €10

Praghas iontráil duine fásta; €5

Iocaíocht; airgead tirim, gach maidin roimh am scoile, nó seol isteach le do phaiste é.

Pairceáil tuismitheorí; taobh thiar don Davin

Bus ag fágáil; 8:50

Bus ar ais; 12.20

Aon rud eile?; Labhair le múinteoir Donncha nó múinteoir Oisín

 

Le gach deá guí,

Múinteoir Donncha agus Múinteoir Oisín

Gaelscoil na Camóige Abú!         

 

loading