Baile   Nuacht   Seaimpíní Iománaíochta Faoi 11

Seaimpíní Iománaíochta Faoi 11

Comhghairdeas ó chroí leis an bhfoireann faoi 11 iománaíochta a bhuaigh an léig inné. Bhí 4 cluiche as a chéile buaite ag na buachaillí roimh an cluiche deireanach i gcoinne GS Naomh Pádraig i Leamhchán. Chuaigh na buachaillí chun cinn go luath agus bhí an cuma ar an scéal nach raibh siad chun an cluiche a chailliúnt. Chuir lár na páirce an t-uafás liathróid ar fáil agus chríochnaigh na tosaithe é go slachtmhar. Sheas na cosantóirí an fód sa dara leath nuair a tháinig brú ón bhfoireann eile. Lá stairiúil a bhí ann mar go bhfuil an peil agus iománaíocht buaite ag an dream seo anois. Níor éirigh le aon foireann eile i stair na scoile an dhá léig a bhaint amach sa bhliain céanna. Buíochas mór leis an múinteoir Oisín a ghlac an foireann seo. Freisin ba mhaith le Gaelscoil na Camóige buíochas a gabháil le Cumann an Chloigthí as ucht an obair dian, leanúnach a mbíonn ar siúl acu leis an dream seo. Tá rath an naíolann le feiscint i ndiongbháilteacht agus tiomantas na buachaillí seo. Beidh cóisir bronnadh againn i mí an Mheitheamh in onóir an bliain spesialta seo. Níos mó eolas amach anseo.

Donncha

 

loading