Baile   Rang 6   Turas go Scoil Éanna 27/4/16

Turas go Scoil Éanna 27/4/16

Ar an Seachtú lá fichead do mhí Aibreáin, chuaigh Rang 5 agus Rang 6 ar thuras go Scoil Éanna. Ó thús na bliana, bhí na páistí ar fad dírithe ar Chomóradh 1916 agus mar sin bhí an-suim acu sa thuras.

Thosaigh an turas taobh istigh do Scoil Éanna agus fuair na páistí léargas ar an saol a bhí ag na páistí a d’fhreastail ar an scoil. Bhí sé thar a bheith suimiúil.

Chuala muid ó Morgan Llywelyn, scríobhneoir cáiliúil a scríobhann leabhair do pháistí. Bhí deis ag na páistí ceisteanna a chuir uirthi ag an deireadh.

Bhí lón deas againn taobh amuigh agus bhí am súgartha ag na páistí sa pháirc ar thaobh na scoile. Lá den scoth.

 

  • IMG_1106
  • IMG_1135
  • IMG_1114
  • IMG_1136
  • IMG_1112
  • IMG_1122
  • IMG_1107
  • IMG_1131
  • IMG_1126
 

loading