Baile   Rang 2   Turas Scoile go Dún Leamhcáin

Turas Scoile go Dún Leamhcáin

Ar an 4ú Meitheamh, chuaigh Rang 1 agus Rang 2 go Dún Leamhcáin ar an turas scoile. Bhí lá den chéad scoth againn. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch agus bhí gliondar ar chroí gach éinne.

An chéad rud a rinne na páistí ná an sleamhnán uisce! Bhí an-spraoi acu ar seo. Bhí an t-ádh ar cuid acu nach raibh orthu éadaí a athrú i ndiaidh an sleamhnáin. Bhí roinnt eile agus bhí orthu a chuid éadaí a athrú.

Bhí an-chuid cluichí i nDún Leamhcáin. Bhain na páistí an-spraoi as an zip-wire. Bhain Múinteoir Olivia agus Múinteoir Oisín leas as fiú!

Bhí crazy gailf, go-carts, trampoline agus sleamhnán ann chomh maith le teach crainn. Bhain muid ar fad an-sásamh as an lá.

  • Canon 05.06.15 008
  • Canon 05.06.15 020
  • Canon 05.06.15 029
  • Canon 05.06.15 033
  • Canon 05.06.15 064
  • Canon 05.06.15 085
 

loading