Baile   Rang 6   Turas Scoile go Activity Nation 13 + 14 Meitheamh 2016

Turas Scoile go Activity Nation 13 + 14 Meitheamh 2016

Bhí turas scoile den chéad scoth ag Rang 5 agus 6 i mbliana. Chuaigh muid go Activity Nation i Newgrange ar an Luain 13ú Meitheamh. Bhí lá lán le gníomhachtaí againn idir rásaí, balla dreapadóireachta, cluichí constaiceanna agus neart eile!

Um thrathnóna, bhí bearbaiciú againn. Bhain na páistí an-taitneamh as bheith ag ithe taobh amuigh. Tar éis é sin, bhí cluiche sacair idir na cailiní agus na buachaillí. Níl muid cinnte fós faoi cé a bhuaigh!

An oíche sin bhí Karaoke againn sa mbrú. Bhí idir damhsa agus canadh ann. Rinneamar cuimhneachán den scoth.

An maidin dar gcionn, tar éis an bricfeásta, chuamar go Baile Bhlainséir i gcomhair roinnt siopadóireachta agus McDonalds.

Bhí gach duine tuirseach traochta faoin am gur shroich muid an baile ach bfhiú go mór é. Turas den chéad scoth!

  • DSCN0140
  • DSCN0146
  • DSCN0151
  • DSCN0152
  • DSCN0159
  • DSCN0161
  • DSCN0163
  • DSCN0167
  • DSCN0168
  • DSCN0175
  • DSCN0178
  • DSCN0179
  • DSCN0194
  • DSCN0195
  • DSCN0196
  • DSCN0197
  • DSCN01681
  • DSCN0198
  • DSCN0210
  • DSCN0222
  • DSCN0227
  • DSCN0238
  • DSCN0245
  • DSCN0248
  • DSCN0260
  • DSCN0264
  • DSCN0270
  • DSCN0277
  • DSCN0294
  • DSCN0296
  • DSCN0298
  • DSCN0300
  • DSCN0308
  • DSCN0329
  • DSCN0335
  • DSCN0336
  • DSCN0339
  • DSCN0340
 

loading