Baile   Réamheolaire   Caidreamh scoile

Caidreamh scoile

Tá an ceangal idir an scoil agus an baile fíor-thábhachtach d’oideachas na bpáistí. Má tá caidreamh maith idir tuistí agus múinteoir an pháiste is chun tairbhe an pháiste a bheidh sé. I nGaelscoil na Camóige molaimid do thuismitheoirí páirt éifeachtach a thógáil in oideachas a bpáistí. Is iontach an chabhair í do na páistí má shuíonn tuiste síos leo leis an obair bhaile a dhéanamh. Cabhraíonn sé go mór le dul chun cinn an pháiste má thacaíonn a t(h)uismitheoirí leis an obair scoile. Cuireann muid amach an Nuachtlitir Scoile gach dara seachtain.

Ról níos gníomhaí is ea an ról a ghlacann ár gcoiste tuismitheoirí Cairde a thagann ón gceangal idir an scoil agus an baile. Bíonn gach tuismitheoir ina bhall de CHAIRDE má bhíonn páiste acu sa scoil. Is coiste é seo ina dtagann tuistí le chéile chun cabhrú leis an scoil pé bealach agus is féidir leo.

 
loading