Baile   Réamheolaire   Ceol & Drámaíocht

Ceol & Drámaíocht

Tá sé ina thraidisiún sa scoil páirt a ghlacadh i gcomórtais cheoil agus drámaíochta. Éiríonn go han-mhaith lenár ngrúpaí i gcónaí.

Bíonn Cór na scoile an-ghnóthach chomh maith. Canann siad ag na Searmanais ar fad a bhíonn againn. Tá Grúpa Ceoil againn sa scoil agus bíonn cleachtadh acu ar scoil.

Rinneamar CD Scoile ‘Preab sa Ceol’, sa bhliain 2007 agus chabhraigh gach duine chun é a chur i gcríoch.

D’fhoilsíomar cúpla leabhair dánta chomh maith.

Gach dara Aoine bíonn deis ag rang amháin taispeántas a chuir ar siúl don scoil ar fad i. amhránaíocht / dán a rá / dráma a léiriú.

Ghlac an scoil páirt i bhFéile Scoildrámaíochta na hÉireann. Bhuaigh Rang a 6 Craobh na hÉireann den fhéile scoildrámaíochta i 2010 agus bhuaigh Rang a 3 an comórtas sa bhliain 2011.

Déanann na páistí an fheadóg stáin ó Rang a 1 – Rang a 6. Bíonn ranganna giotáir, fidile, mandailín, bainseó agus Feadóg Mhór  ar siúl tar éis am scoile.

Bíonn múinteoirí na scoile fial flaithiúil lena gcuid ama shaoir agus iad ag cabhrú le heachtraí seach-churaclaim sa scoil.

  • IMG_7590
 
loading