Baile   Réamheolaire   Spórt

Spórt

Mar chuid den churaclam glacann páistí na scoile páirt i ranganna corpoideachais gach seachtain. Imrítear cluichí éagsúla, déantar gleacaíocht agus bíonn na páistí ag gabháil de ghníomhaíochtaí a fhorbraíonn na scileanna a bhíonn ag teastáil don spóirt.

Tá na cluichí gaelacha go láidir sa scoil. Glacann an scoil páirt i léigeanna iomána,peile agus camógaíocht de chuid Chumann na mBunscol.

Tagann traenálaí ó Chumann an Chloigthí amach go dtí an scoil chun cabhrú leis na páistí sna cluichí.Tá nasc láidir idir sinn agus Cumann na Cloigthí CLG.

Bhuaigh na cailíní an cluiche craobh sa pheil i bPáirc an Chrócaigh i 2007 agus bhí mí-ádh orthu sa cluiche craobh i 2008. Sa bhliain 2012 d’éirigh leo an ‘Sciath Nua’ a bhaint amach sa chamógaíocht. Sa bhliain 2015, mar chuid do chomórtas Cumann na mBunscol, bhuaigh foireann peile na gcailiní Corn Thadhg Ó Cionnaith i bPáirc an Chrócaigh. Sár lá don scoil ar fad. Bhuaigh na cailíní an cluiche craobh sa camógaíocht freisin i Meitheamh 2016 agus táimid an-bhródúil astu.

Tugann an scoil ar fad tacaíocht dóibh leis na mórghníomartha sin agus baineann gach duine an-taitneamh as na h-ócáidí sin.

Téann dhá rang ag snámh gach téarma sa chaoi is go bhfreastalaíonn na páistí ó Rang a 1 go dtí Rang a 6 ar cheachtanna snámha ar feadh téarma iomlán in aghaidh na scoilbhliana. Tá sé seo mar chuid thábhachtach den churaclam corp-oideachais de bharr tábhacht an snámha.

Glacann an fhoireann lúthcleasaíochta páirt i rásaí trastíre an Comhairle Contae Átha Cliath Theas comh maith le na ráibrás, cliathrás agus mír faiche eile i Seantreabh.

Bíonn múinteoirí na scoile fial flaithiúl lena gcuid ama shaoir agus iad ag cabhrú le heachtraí seach-churaclaim sa scoil.

 
loading