Baile   Réamheolaire   Curaclam na scoile

Curaclam na scoile

Tá an scoil ag forbairt agus ag fás i gcónaí. Ní hamháin go mbíonn páistí nua ag teacht chugainn i gcónaí ach bímid ag tabhairt faoi thionscnaimh nua go minic. Múinimid gach ábhar atá ar an gcuraclam náisiúnta sa scoil (Gaeilge, Béarla, Matamaitic, Teagasc Críostaí, Eolaíocht, Stair, Tíreolaíocht, Ceol, Ealaín, Drámaíocht, OSPS agus Corp Oideachais). Bímid ag gabháil de sheifteanna nua agus sinn ag láimhseáil an churaclaim agus is ar thairbhe na bpáistí a bhíonn sé seo i gcónaí.

Bíonn go leor imeachtaí breise ar siúl sa scoil chomh maith taobh istigh agus taobh amuigh d’am scoile. Thosaíomar an Fhraincis le Rang a 5 agus a 6 i 2008 mar chuid don ‘Nuatheangacha i mBunscoileanna’. Bíonn ranganna giotár agus fidil ar siúl tar éis am scoile agus tá Club Obair Bhaile againn chomh maith. Tá tríocha ríomhairí glúine againn sa scoil agus táimid ag spreagadh an teicneolaíocht faisnéise sa scoil.

Bronnadh roinnt Brat Glas ar an scoile as an méid a bhí ar siúl againn i dtaobh aire a thabhairt don timpeallacht againn sa scoil. Tá an brat le feiceáil ag eitilt i gclós na scoile

 

 

 
loading