Baile   Polasaí   Obair Bhaile

Obair Bhaile

Obair Bhaile

Tugtar Obair Bhaile
• Chun cumarsáid dearfach baile/scoile a chur chun cinn.
• Chun go gcuirfeadh an oibre bhaile le ráta foghlama an pháiste.
Tá sé mar fhís againn go mbeidh sé ar chumas gach páiste forbairt de réir a acmhainne / a hacmhainne féin. Spreagann obair bhaile daltaí chun a bheith ag obair go neamhspleách agus chun a bheith freagrach as a gceachtanna féin.

Tugtar Obair Bhaile do Rang na Naíonáin- Rang 6,
Tá leabhar nóta obair bhaile ag gach páiste ó Rang a 1 go dtí Rang a 6. Ba chóir an leabhair seo a bheith sínithe ag tuismitheoir gach oíche. Déanann an múinteoir ranga gach iarracht an cothromaíocht idir am spraoi agus am Obair Bhaile a chinntiú. Tá uasmhéid ama ann do gach rang mar threoir do thuistí. Má mhothaíonn tuismitheoirí go bhfuil a bpáiste ag streachailt, tá sé tábhachtach go gcuirtear an múinteoir ranga ar an eolas faoi. Tá sé tábhachtach chomh maith go bhfuil an méid ama caite ar an obair bhaile scríofa go cruinn sa dialann freisin.

Is féidir rudaí ar nós Tionscnamh/ Ealaín/ CorpOideachas/ Drámaíocht/ obair ríomhaireachta/ Ceol/ Cluiche Teanga srl. a thabhairt ó am go chéile

Níl aon rang ceangailte go docht leis na treoracha seo. Is féidir leis an múinteoir ranga tuilleadh nó níos lú oibre a chuir leis nó a bhaint den obair bhaile más gá leis ó am go chéile. Is treoir iad na hamanna thíos. B’fhéidir go dtógfadh páiste roinnt nóiméad níos mó nó níos lú ná mar atá thíos.

Naíonáin Bheaga – 10 nóiméad:
1. Léitheoireacht – Gaeilge gach oíche.
2. Obair scríofa – Rud amháin gach oíche m.sh.
Patrúin, Abairtí, Cártaí Oibre, Uimhreacha

Naíonáin Mhóra – 15 nóiméad:
1. Léitheoireacht – Gaeilge agus Béarla gach oíche.
2. Obair scríofa: Rud amháin gach oíche m.sh.
Patrúin, Abairtí, Cártaí Oibre, Uimhreacha

Rang 1 agus Rang 2: 30 nóiméad:
1. Léitheoireacht – Gaeilge agus Béarla gach oíche.
2. Mata agus ábhair nó dhá ábhair eile
3. Litriú – Is féidir leis an múinteoir a rogha litriú Gaeilge agus Béarla a thabhairt ag brath ar cibé téama atá idir láimhe acu. 3 nó 4 focail gach oíche.
4. Táblaí – Suimiú agus Dealú. Ceann amháin in aghaidh na seachtaine.

Rang 3 agus Rang 4: 30-40 nóiméad:
1. Léitheoireacht – Gaeilge agus Béarla gach oíche.
2. Mata agus dhá ábhair eile.
3. Litriú – Is féidir leis an múinteoir a rogha litriú Gaeilge agus Béarla a thabhairt ag brath ar cibé téama atá idir lámhe acu. 3 nó 4 focail gach oíche.
4. Táblaí – Roinnt agus Méadú. Ceann amháin in aghaidh na seachtaine.

Rang 5 agus Rang 6: 40-45
1. Léitheoireacht – Gaeilge agus Béarla gach oíche.
2. Mata agus dhá nó trí ábhair eile
3. Litriú – Is féidir leis an múinteoir a rogha litriú Gaeilge agus Béarla a thabhairt ag brath ar cibé téama atá idir lámhe acu. 3 nó 4 focail gach oíche.
4. Táblaí – Dul siar. Ceann amháin in aghaidh na seachtaine.

 
loading