Baile   Réamheolaire   Stair

Stair

Bunaíodh Gaelscoil na Camóige sa bhliain 1993. Bhí go leor tuismitheoirí i gCluain Dolcáin nach raibh in ann oideachas trí Ghaeilge a fháil dá bpáistí. Dá bhrí sin d’eagraigh siad iad féin mar ghrúpa tuismitheoirí le chéile agus le cabhair ó Mhuintir Chrónáin (tiarna talún shuíomh na scoile) bhunaigh siad Gaelscoil na Camóige. Thosaigh 23 páiste faoi stiúr múinteora amháin. Thosaigh an scoil faoi aitheantas sealadach, tugtha ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Bunaíodh an scoil mar bhunscoil náisiúnta Chaitliceach ina bhfoghlaimíonn na páistí gach aon ábhar (seachas Béarla) trí mheán na Gaeilge. Táimid faoi phátrúnacht Ard-Easpaig Bhaile Átha Cliath. I Mí Feabhra na bliana 1998 fuaireamar aitheantas buan ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Is í Aoife Ní Raghallaigh Príomhoide na scoile. I mbliana tá 12 lán-aimseartha ar an bhfoireann teagaisc (Eimear Billings, Sandra Ní Aoláin, Sharon Breathnach, Sinéad Nic Aonghusa, Clíodhna Esslemont, Bríd Nic Dhomhnaill, Caitríona Ní Fhearáin, Laura Ní Shúilleabháin, Shauna Ní Chuinn, Niamh Nic Cionnaith, Sorcha Grisewood agus Kellie Ní Uallacháin) príomhoide, naonúr oide ranga, triúr múinteoir Oideachas Speisialta agus triúr Cúntóir Riachtanais Speisialta. Anuas ar sin tá triúr ar an bhfoireann choimhdeach againn. Tá Múinteoir rince agus múinteoirí ceoil a mhúineann Giotár, Feadóg Stáin, Fidil, Bainseó agus Feadóg Mhóir.

Tá 230 páiste ar an rolla i mbliana.

Baill An Bhoird Bhainistíochta:

Caimin Ó Catháin, Aoife Ní Raghallaigh, Clíodhna Esslemont, Damien de Búrca, Lorcán Ó Dúnaigh, Fiona de Brún, Máire Uí Bhroin agus Mícheál Mac Adhaimh.

loading