Baile   Polasaí   Úsáid an Idirlíon

Úsáid an Idirlíon

Teacht ag Daltaí ar an Idirlíon

Tá cead ag daltaí Ghaelscoil na Camóige an t-idirlíon a úsáid. Is breá leis an scoil an gléas seo a chur ar fáil do dhaltaí agus do mhúinteoirí araon, mar áis thagartha agus mar áis thaighde ar ábhair tionscadail. Beidh teacht anois go héasca ag daltaí ar líon fairsing leabharlann agus bunachar sonraí ar gach aon ábhar a bheidh ag teastáil.

Tá scileanna taighde i réimsí na faisnéise leictreonaí, mar ullmhúchán chun maireachtáil agus oibriú san Aois seo na Faisnéise atá amach roimh na daltaí, fíor-riachtanach sa lá atá inniu ann. Déanfaidh an scoil an fhaisnéis oiriúnach den sórt sin a chomhtháthú laistigh den churaclam agus tabharfaidh an fhoireann treoir agus teagasc do na daltaí ar an mbealach chun na hacmhainní sin a úsáid.

Ní bheidh cead ag daltaí úsáid a bhaint as áiseanna teileachumarsáide agus as faisnéis leictreonach gan na foirmeacha toilithe agus ceada a bheith líonta ag tuismitheoirí na ndaltaí agus ag na daltaí féin. Níl cead ag aon pháiste a bheith ar an suíomh Bebo nó Facebook nó ar aon ghréasán sóisialta ag am ar bith le linn an lae scoile.

Ríomhphost

Tugann an ríomhphost an deis do dhaltaí dul i dteagmháil le daltaí eile dá sórt féin agus  le lucht oideachais ar fud an domhain. Ní bheidh cead ag daltaí ríomhphoist a chur ó sheoladh na scoile ná a ghlacadh ag an seoladh sin, ach amháin le linn seisiúin a bheidh faoi mhaoirseacht. Ní bheidh cead ag daltaí a seoladh pearsanta a úsáid chun ríomhphost a ghlacadh nó a chur ná ní bheidh cead acu eolas pearsanta a thabhairt gan cead ón múinteoir a bheidh i mbun mhaoirseacht an tseisiúin. Caithfidh na daltaí an múinteoir a chur ar an eolas faoi aon theachtaireacht ríomhphoist ina bhfuil faisnéis a chuirfidh míchompord ar dhalta. Níl cead ag dalta teachtaireacht den sórt sin a fhreagairt. Níl sé ceadaithe seoladh pearsanta ríomhphoist ar leith a thabhairt d’aon dalta.

An Gréasán Domhanda (www)

Ach teacht a bheith ag daltaí ar acmhainní ar líne beidh siad in ann tarraingt ar líon fairsing bunachar sonraí agus leabharlann ar fud an domhain. Is mó na buntáistí ná na míbhuntáistí, dar leis an scoil, a ghabhann le teacht a bheith ag na daltaí ar acmhainní faisnéise agus ar dheiseanna breise comhoibrithe. Ní bheidh cead ag daltaí dul ar an idirlíon gan múinteoir a bheidh i mbun maoirseachta a bheith i láthair. Ta fearas scagtha ar na ríomhairí a mholann an NCTE, a chuirfidh bac ar leathanaigh ghréasáin ar a bhfuil focail gharbha, pictiúir nó ábhair eile nach bhfuil oiriúnach. Déanann na múinteoirí seiceáil rialta ar logaí ríomhaireachta na suíomh idirlíon ar fad a bhíonn in úsáid ag na daltaí.

Achoimre d’Iniúch na Scoile

Infreastruchtúir Reatha:

  • Tá sé ar intinn againn na ríomhairí a úsáid mar fhearas don mhúineadh agus foghlaim i ngach seomra ranga. Tá ríomhaire glúine, clóire agus clár ban idirghníomhach i ngach rang, mar sin. Tá tríocha ríomhaire glúine againn, chomh maith leis sin, ionas go mbeidh rang iomlán in ann iad a úsáid.
  • Tá cúig cheamara digiteach déag againn sa scoil.

Bogearraí Reatha:

  • Coinníonn an scoil bogearraí a bhaineann leis an rang sa seomra ranga. Bíonn na leabhair agus na dlúthdhioscaí ginearálta coinnithe sa seomra foirne nó san oifig, chomh maith le bogearraí a bhaineann leis an suiteáil ríomhairí.

Comhordú Ríomhairí

Tá lipéid ag gach ríomhaire chun an comhdú de réir bogearraí a shimpliú. Tá an liosta seo ar taispeáint sa seomra acmhainne. Ta cláir fhrithvíreas curtha ar na ríomhairí.

An tOideachas Speisialta

Tá ríomhaire i ngach seomra feabhais chomh maith, mar aithníonn an scoil go bhfuil poitéinseal ag an TFC chun cur leis na deiseanna foghlama a bhíonn ag páistí a bhfuil riachtanais speisialta orthu. Úsáideann páistí, a bhfuil riachtanais shainiúla orthu a bhaineann leis an scríbhneoireacht, an léitheoireacht agus an uimhearthacht, na ríomhairí mar áis chun eispéiris oideachasúla ailtéarnachta agus chomhlántacha a chur ar fáil ar scoil.

Gnéithe Sláinte agus Sábháilteachta

Beidh gach aon ríomhaire in oiriúint le rialacháin na hEorpa maidir leis an radaíocht. Tá/ Beidh pointí tiomnaithe cumhachta suiteáilte do gach aon ríomhaire agus plocóidí a bhfuil fiúis iontu in úsáid. Tá suíocháin oiriúnacha á gcur ar fáil.

 
loading