Baile   Nuacht   Glasraí ag Fás sa Cheapach

Glasraí ag Fás sa Cheapach

Táimid ag obair ar an chúigiú brat glas faoi láthair. An Bhithéagsúlacht atá mar théama air. Tá ceachtanna agus tionscadail éagsúla déanta ag na múinteoirí leis na páistí chun tuiscint i leith théama na Bithéagsúlachta a chur chun cinn.
D’fhoghlaim Rang na Naíonán Beag faoi bhoilb agus féileacáin.
Rinne Rang na Naíonán Mór cloigne féir agus d’úsáideadar goradáin le haghaidh éanlaitheachta sa seomra ranga.
D’fhás Rang a hAon spionáiste, biolar agus pónairí sa teach gréine nua.
D’fhás Rang a Dó pónairí sna ceapaigh taobh thiar den scoil. Bhí siad go hálainn!
Rinne Rang a Trí cinnte de go raibh bia ar fáil do na héin ar bhord na n-éan gach lá.
D’fhás Rang a Ceathair pónairí sa teach gréine nua.
Rinne Rang a Cúig staidéar ar an bpéist agus an tábhacht a bhaineann leis don ithir. Rinneadar piastlanna a thógáil chun an staidéar sin a dhéanamh.
D’fhoghlaim Rang a Sé mar gheall ar ithir. Rinneadar léarscáileanna den bhithéagsúlacht atá mórthimpeall ar an scoil. D’fhoghlaim siad go bhfuil rudaí éagsúla ag cónaí sa fhál sceach mórthimpeall ar an scoil.

We are currently working on our fifth green flag and the theme is biodiversity. Throughout the school, the children and teachers have been taking part in different lessons and projects to promote understanding and awareness of biodiversity.
Junior Infants learned about caterpillars and butterflies.
Senior Infants made grass heads. They also incubated eggs in the classroom and watched them hatch into chicks.
First class grew cress, spinage, and herbs in the plastic bottle green house.
Second class sowed, grew, and harvested peas. They were delicious.
Third class, our resident bird-watchers made sure to put bird seed on the bird table everyday.
Fourth class sowed and grew broad beans in our plastic bottle green house.
Fifth class worked in groups to make wormeries and studied how the earthworm is essential for soil.
Sixth class learned about soil. They drew up a habitat map of the school grounds. They learned that hedgerow in our school is home to numerous creatures.

Tá grianghraif anseo de na páistí ó Rang a Dó na bliana seo caite agus na glasraí a d’fhásadar siúd sa cheapach ar chúl na scoile.

  • IMG_1627
  • IMG_1628
  • IMG_1630
 

loading