Baile   Gailearaí   Bernard Dunne ag ardú an Brat Glas i gcomhair Iompar

Bernard Dunne ag ardú an Brat Glas i gcomhair Iompar

Tá Gaelscoil na Camóige ag glacadh páirt i gclár An Taisce, na Scoileanna Glasa. D’éirigh go maith linn go dtí seo leis an gcéad thrí théama den chlár: Bruscar & Dramhaíl, Fuinneamh agus Uisce. An Taisteal (an ceathrú téama den chlár) a bhí mar théama againn anuraidh.

D’éirigh linn an ceathrú Brat Glas a bhaint amach don Taisteal. Bhí áthas orainn é sin a bhaint amach. Tháinig Bernard Dunne chun na scoile chun an Brat a chrocadh in airde dúinn. Thug sé cuairt ar na ranganna agus thaispeáin sé na criosanna a bhuaigh sé nuair a bhain sé criosanna domhanda sa dornálaíocht.

Is í an Bhithéagsúlacht atá mar théama againn don dá scoilbhliain atá amach romhainn.

anBratGlas

 

  • BD6
  • BD9
  • BD8
  • Ár scoil
  • BD16
  • BD8
  • BD15
  • BD12
  • BD14
  • BD10
  • BD3
 
loading