Baile   Gailearaí   Cuairt ó Eric Dempsey Samhain 2015

Cuairt ó Eric Dempsey Samhain 2015

Bhí cuairteoir an-speicialta againn i nGaelscoil na Camóige an tseachtain seo caite. Bhí an saineolaí éan, Eric Dempsey, linn i rith na seachtaine. Chaith sé roinnt ama le gach rang ag múineadh dóibh faoi na cineál éagsúla éan atá ann. Bhain siad ar fad sár taitneamh as. Chuaigh Cormac agus Cillian ó Rang 3 i bhfeidhim go mór ar Eric. Léirigh siad an-eolas agus suim i gcursaí éan. Is cinnte gur fhoglaim sé roinnt rudaí uathu freisin!

Chuaigh Rang 6 ar thuras go Pháirc Chorcaí leis. Ní raibh an aimsir ró-iontach ach níor chuir sé sin as dóibh! Bhí siúlóid den scoth acu. Chonaic siad an-chuid éin agus fiú bhí Eric in ann guthanna na n-éan a aithint!

Tá Eric tar éis cuairt a thabhairt ar an scoil cúpla uair anois agus bíonn na páistí i gconaí ar bís nuair a thagann sé. Táimíd ag súil go mór leis an gcéad cuairt eile.

  • IMG_0419
  • IMG_0410
  • IMG_0405
  • IMG_0407
  • IMG_0411
  • IMG_0413
  • IMG_0414
  • IMG_0415
  • IMG_0416
  • IMG_0417
 
loading