Baile   Nuachtlitir   Nuachtlitir Tús na Bliana

Nuachtlitir Tús na Bliana

Nuachtlitir na Seachtaine

30-08-2016

 

Céad Míle Fáilte!

Tá fearradh na fáilte romhaibh ar fad ar ais don scoilbhliain nua seo. Táim cinnte de go mbeidh bliain iontach againn faoi mar a bhíonn gach aon bhliain i nGaelscoil na Camóige. Tá súil agam go raibh samhradh maith ag gach duine agus go bhfuilimid ar fad réidh le bliain úr thaitneamhach agus thairbhreach a bheith againn. Cuirim fáilte ar leith roimh na naíonáin nua i Rang an Mhúinteora Sharon, Rang an Mhúinteora Donncha agus Rang an Mhúinteora Sinéad. Tá trí rang Naíonán againn don chéad uair agus táimid ag súil go mór le bliain álainn agus ghníomhach a bheith againn.

A hearty welcome back to one and all. I hope that everyone had a great summer and that we are all well rested and ready for an enjoyable and fruitful new school year. A special welcome to our new Junior Infants who began the school journey today. This is our first year with three Junior Infant classes and we are delighted to welcome all the children to the school. Welcome to Múinteoir Sharon’s class, Múinteoir Donncha’s class and to Múinteoir Sinéad’s class.

 

Seomraí Réamhdhéanta Nua

Tá na foirgnimh réamhdhéanta réidh díreach in am don scoilbhliain nua agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach duine a chabhraigh liom iad a réiteach. Bhí an t-úafás oibre i gceist i rith laethanta saoire an tsamhraidh, ach b’fhiú é agus iad réidh agus foirfe anois do na naíonáion bheaga ar an lá speisialta – a gcéad lá scoile. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gcomhlacht Xtraspace, an t-altaire Don, Ken agus na tógálaithe agus na leictreoirí, Barra Ó Caoinleáin, ár gCathaoirleach a thug an-chabhair agus tacaíocht i rith laethanta saoire an tsamhraidh, Eilís agus na múinteoirí a rinne sár-obair chun na seomraí a réiteach, an fhoireann scoile, an glantóir Hilary, agus ba mhaith liom buíochas speisialta a ghabháil lenár bhfeighlí scoile iontach, Harry, a bhí anseo ó maidin go hoíche ag obair agus ag cabrú leo sa scoil. “Is ar scáth go chéile a mhairimid”.

Our new prefabs are ready just in time for the new school year. There was a huge amount of work required to get the prefabs to this point and I would like to thank a few people for helping me to ensure that they were ready today. Thanks to Xtraspace, Ken and the hardworking builders and electricians who worked late into the night to complete the prefabs, the architect, Don, Barra Ó Caoinleáin, our Chairperson, for his help and support over the summer with the buildings, Eilís and the teachers who worked so hard ensuring that the classrooms were well equipped for the children, the staff, and our cleaner Hilary. A very special thanks to our wonderful caretaker Harry, who was at the school day and night helping and supervising the work that was going on – “Is ar scáth a chéile a mairimid”.

 

 

 

Múinteoirí Nua

Tá fearradh na fáilte roimh na múinteoirí nua chomh maith. Tá an Múinteoir Síle Ní Chonghaile le Rang a 4 in ionad an Mhúinteora Olivia agus tá an Múinteoir Bríd Nic Dhomhnaill le Rang a 3 in ionad an Mhúinteora Aoife agus tá an Múinteoir Lorna linn go lán-aimseartha le Rang a 1. Fáilte ar ais roimh an Múinteoir Sharon chomh maith atá ar ais ón saoire máithreachais agus atá leis na Naíonáin Bheaga. Tá mé féin díreach ar ais ón saoire máithreachais chomh maith agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil lenár leas-phríomhoide, an Múinteoir Aoife a rinne sár-jab ag líonadh isteach dom.

Welcome also to our new teachers. Múinteoir Síle Ní Chonghaile will be taking 4th Class in place of Múinteoir Olivia, Múinteoir Bríd Nic Dhomhnaill will be taking 3rd Class for Múinteoir Aoife and Múinteoir Lorna is our new permanent teacher and will be taking 1st class this year. Welcome back also to Múinteoir Sharon who is returning from maternity leave with Naíonáin Bheaga. I myself have returned from maternity leave and I would like to thank our deputy principal, Múinteoir Aoife for filling in in my absence and for doing such a brilliant job leading our wonderful school.

 

 

* * * * * * * * * * *

An Múinteoir Aoife agus An Múinteoir Olivia – deascéal!

Deascéal! Comhgairdeas leis an Múinteoir Olivia! Rugadh a cailín álainn Béibhinn ar an 6-8-16. Comhgairdeas leis an Múinteoir Aoife chomh maith! Rugadh a buachaill álainn Seán ar an 17-8-16. Tá Mamaí agus leanbh go breá.

Great news! Congratulations to Múinteoir Olivia. A gorgeous girl Béibhinn was born on 6-8-16. Mother and baby are doing great. Congratulations to Múinteoir Aoife also! A beautiful baby boy Seán was born on 17-8-16. Mother and baby are well.

  • * * * * * * * * * *

An Múinteoir Pól

Go n-éirí leis an Múinteoir Pól lena phost nua i nDún na nGall. Beimid ar fad an-uaigneach gan é agus táimid thar a bheith sásta dó agus dá chlann. Chaith Pól roinnt mhaith blianta ag múineadh linn agus d’oibrigh sé go dian dícheallach i gcónaí agus bhí meas agus cion ag páistí agus tuismitheoirí araon air i gcónaí. Go n-éirí leat a Phóil!

We would like to wish Múinteoir Pól the very best in his new job at home in Donegal. He will be greatly missed but we are also very happy for him and his family. Pól spent many years teaching at Gaelscoil na Camóige and he always worked tirelessly and diligently in his time here. Children, teachers and parents alike all have a great fondness for Múinteoir Pól as well as a great respect for him. Go n-éirí leat a Phóil!

 

Cuirfear na leabhair scoile abhaile an tseachtain seo. An miste libh iad a chlúdach agus a sheoladh isteach roimh an Aoine, an 11 Meán Fómhair le bhur dtoil. Bígí cinnte go bhfuil na leabhair acu sna malaí scoile gach uile lá le bhur dtoil.

Schoolbooks will go home in the bags this week. Could you please cover them and have them back in the school before next Friday 11th September at the latest, many thanks. Please ensure that all school bools are in their school bags every day and not left at home.

 

* * * * * * * * * *

Beidh na ranganna snámha ag tosú an Aoine beag seo. Beidh Rang a 5 agus Rang a 3 ag dul ar dtús. Bígí cinnte de go bhfuil an €1 agaibh don taisceadán.

The swimming classes are commencing this Friday. 5th and 3rd class will be going swimming on Friday, September 2nd.

 

***************

Ba mhaith liom a mheabhrú do thuismitheoirí nach bhfuil cead tiomáint isteach trí gheataí Áras Chrónáin. Caithfear na páistí a shiúl isteach tríd an ngeata siúlóide ar thaobh an phríomhgheata. Agus tuistí ag bailiú páistí is féidir teacht isteach sa chlós agus iad a bhailiú nuair a thagann siad amach ó na seomraí.

I would like to remind parents that Muintir Chrónáin have instructed us that cars are not permitted through the gates of Áras Chrónáin. Children may be walked through the pedestrian gate beside the main gate or through the gate at the back of the Áras from Orchard Road. When parents are collecting their children please wait in the schoolyard and collect them when they come out from the classrooms.

 

Tá an-chuid cainte na laethanta seo faoin mbia a thugar dár bpáistí le hithe. Mar is eol daoibh tá polasaí lóin shláintiúil againn i nGaelscoil na Camóige le fada an lá. Níl cead ag páistí aon bhia nó deoch nach bhfuil sláintiúil a thabhairt ar scoil. Níl cead acu aon chnónna a thabhairt isteach ach an oiread. Seo liosta den bhia nach bhfuil ceadaithe. Má tá tú amhrasach faoi aon rud eile labhair leis an oifig nó an Múinteoir Ranga le do thoil.

 

There is a lot of talk these days about what we are feeding our children. At Gaelscoil na Camóige we have a successful healthy lunch policy in operation for some years now. Children are only permitted to bring drinks and foods to school that are healthy.

Food containing nuts are also not permitted. If you are unsure of any foods please do not hesitate to check with the office or with the class teacher. Below is a list of foods that are not permitted.

 

  • Barraí gránaigh / Cereal bars
  • Brioscaí d’aon saghas/Biscuits of any type
  • Píotsa / Pizza
  • Muifíní / Muffins
  • Glóthach/ Jelly
  • Criospaí/crisps, pretzals, poparbhar / popcorn
  • Fruit winders
  • Croissants
  • Rollóg ispíní/sausage rolls
  • Ispíní/sausages
  • Dairylea lunchables/ Dairylea Dunkers
  • Seacláid/Chocolate
  • Milseáin/sweets
  • Muller corners le seacláid/Muller corners with chocolate
  • Cnónna/nuts
  • Leathán seacláide/chocolate spread
  • Deochanna súilíneach/fizzy drinks
  • Sunny D

* * * * * * * * * * *

 

Iarrann ár n-árachasóir orainn a mheabhrú do thuismitheoirí go dtosnaíonn an scoil ag a 8.50 a.m. agus go gcríochnaímid ag a 1.30p.m. do na naíonáin agus 2.30p.m. do na ranganna eile. Ní féidir leis an scoil a bheith freagrach as na páistí taobh amuigh de na hamanna seo. Iarraimid ar thuismitheoirí na páistí a fhágáil ar scoil in am agus iad a bhailiú ón scoil in am ag deireadh an lae.

Our insurers ask us to remind parents that the school opens at 8.50 a.m. and finishes at 1.30 p.m. for infants and 2.30 p.m. for all other classes. The school cannot be responsible for children outside of these times. I would ask all parents to be punctual in leaving the children to school in the morning and collecting them in the afternoon.

 

  • * * * * * * * * * *

Múinteoirí Scoile

  • Na Naíonáin Bheaga – an Múinteoir Donncha, an Múinteoir Sharon, agus an Múinteoir Sinead Ní Dhurcáin
  • Na Naíonáin Mhóra- an Múinteoir Eimear
  • Rang a 1- an Múinteoir Lorna
  • Rang a 2- an Múinteoir Sinéad Nic Aonghusa
  • Rang a 3- an Múinteoir Bríd (an Múinteoir Aoife)
  • Rang a 4- an Múinteoir Síle (an Múinteoir Olivia)
  • Rang a 5 – an Múinteoir Laura
  • Rang a 6- an Múinteoir Clíodhna
  • An Tacaíocht Foghlama agus Acmhainne –an Múinteoir Sandra Ní Aoláin agus Muinteoir Oisín Uíbh Eachach

 

 

 

*****************

De réir an cúrsa tinrimh atá againn sa scoil bíonn orainn an leabhar rolla a líonadh ag a 10:00. Aon duine atá istigh tar éis an am seo beidh siad as láthair ar an lá sin. Due to the computerised roll books that we use the roll must be called at 10:00 every morning. Any children who arrive later than this time are marked absent on the roll.

 

Sa chaoi is nach mbeidh éadaí srl. caillte ag na páistí cuirigí a n-ainmneacha ar gach aon rud a thógann siad ar scoil.

To avoid lost clothing etc. please put your child’s name on everything that s/he brings to school.

 

******************

 

******************

 

An Cód Iompar

Féach ar an suíomh scoile ar an gcód iompar scoile.

Please see the school website for the school’s code of conduct.

 

                       Clár Ama na Naíonán Beag/Junior Infant Timetable

Luan agus Máirt – 9:00 – 11:00

Dé Céadaoin / Wednesday 31/08/2016 – Dé Céadaoin / Wednesday 14/09/2016

8.50a.m.-12.00a.m.

 

An chuid eile den bhliain ag tosú an 15/09/2016

The rest of the year from 15/09/2016 – 8.50a.m.-1.30p.m.

 

                                                            * * * * * * * * * * *

******************

                                   

Beidh na ceachtanna don fheadóg stáin ag tosú Dé Máirt, an 13 Meán Fómhair. Beidh ceacht acu gach dara seachtain. Beidh Rang a 1, 2 agus a 3 ag tosú Dé Máirt, an 13 Meán Fómhair, agus Rang a 4, 5, 6 ag tosú Dé Máirt, an 20 Meán Fómhair. Bígí cinnte de go bhfuil na feadóga acu sna málaí scoile gach Máirt go háirithe le bhur dtoil.

Tin whistle classes will recommence Tuesday 13th September. The children will have lessons every second week for the year. 1st, 2nd and 3rd Class will start on the 13th and 4th, 5th and 6th Class will start the following Tuesday, September 20th. Please ensure that the children have their tin whistles every Tuesday.

                                                * * * * * * * * * * *

Beidh trí fhoireann peile sa scoil i mbliana. Faoi 11 (buachaillí), faoi 13 ½ (buachaillí), agus faoi 13 ½ (cailíní).   Beimid ag tosnú ar an traenáil go luath. Coinnigh súil amach do litir ó na Múinteoirí Donncha, Clíodhna agus Sinéad faoi thraenáil srl.

We will have three football teams in the school this year. Under 11 boys, under 13 ½ boys and under 13 ½ girls. Training will start soon. Keep an eye out for a note from Múinteoir Donncha, Clíodhna and Múinteoir Sinéad Durkan in relation to training etc.

Hurling and Camogie training and competitions will begin in the New Year.

 

****************

 

            Ranganna Giotáir

Má tá suim ag do pháiste (Rang 2-6) tús a chur le ranganna giotáir tosnóidh na ceachtanna an 8 Meán Fómhair agus beidh costas €84 don téarma. Caithfear an t-airgead a íoc sula dtosnaíonn na ceachtanna.

 

If your child is interested in Guitar Lessons this year, parents and children Rang 2-6 must meet with Múinteoir Stiofán in the Junior Infant classroom at 2.30p.m. on September 8th. The lessons will begin on the 8th of September and will cost €84 for the term. Please send in this amount before lessons begin.

 

****************

Bord Bainistíochta na Scoile reatha/ Our School Board of Management members:

An Cathaoirleach/ The Chairperson: Barra Ó Caoinleáin

An Príomhoide/ The Principal: Caoimhe de Búrca

Ionadaí an Phatrúin/ Patrons’ Representative: Sean Ó Cearnaigh

Ionadaithe Tuismitheoirí/ Parents’ Representative: Caimin Keane & Sarah-Jane Carey

Ionadaí Múinteora/ Teachers’ Representative : Eimear Billings

Ionadaite an Phobail/ Community Representative: Pól Mac Reachtain & Jackie Uí Dhulaing

 

 

****************

 

Club Obair Bhaile

Beidh an Club Oibre Baile ag tosú Dé Luain seo chugainn, an 5 Meán Fómhair óna 2:30 – 3:30. A thuilleadh eolais ag teacht ón Múinteoir Sinéad.

The Homework Club will be starting next Monday, September 5th. More information to follow fro Múinteoir Sinéad.

****************

 

Má tá tú ag iarraidh labhairt le do pháiste nó leis an múinteoir téigh chuig an oifig nó seol nóta isteach chuig an múinteoir i dtús báire le bhur dtoil. Bíonn na múinteoirí lán-sásta bualadh le haon tuismitheoir nuair a bhíonn am cuí eagraithe acu.

If you wish to speak to your child or the class teacher, please ensure that you report to the office first or send a note in to the class teacher. The teachers are always very willing to meet with parents at a suitable time that does not disrupt class time.

****************

 

Obair Bhaile

Mar is eol daoibh tá sé fíor-thábhachtach go dtugtar lán-tacaíocht do na páistí agus iad i mbun na hoibre baile ó thús na bliana amach. Seans go mbeidh cabhair ag teastáil uathu agus iad ag iarraidh socrú isteach i ndiaidh na laethanta saoire. Déanaigí cinnte de go bhfuil an obair bhaile sínithe ag tuismitheoir gach lá le bhur dtoil. Cabhróidh an tacaíocht seo go mór leis an Múinteoir Ranga agus le do pháiste.

As you know, it is essential that the children are supported and encouraged when doing their homework. Children often require help from the beginning of the year to settle back and to get into the swing of things. Please ensure that the homework is signed and checked by a parent each night. This support will greatly help the class teacher and your child.

****************

 

 

Íoc ar líne/ Pay online

 

Mar is eol daoibh is féidir le tuismitheoirí na scoile íocaíocht a dhéanamh leis an scoil ar líne anois. Má tá suim agat íoc as na leabhair scoile, an halla, an rince, an snámh, na turais scoile srl. níl ag teastáil ach na sonraí seo a leanas:

Iban: IE96 AIBK9335 1105 8772 99

BIC: AIBKIE2D

Nuair atá tú ar líne gliogáil ar Add Payee, líon isteach an t-eolas agus is féidir do bhillí a íoc díreach isteach i gcuntas na scoile. Ná déan dearmad ainm/rang do pháiste a chur sna sonraí m.sh. Seán Ó Broin R3. Má theastaíonn uait eolas breise a thabhairt d’Éilís is féidir ríomhphost a sheoladh chuig gncamoige@gmail.com.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na tuistí sin atá tar éis billí a íoc cheana féin agus an modh seo in úsáid acu.

As you are aware parents have the option of paying for schoolbooks, hall, swimming, music, trips etc. online. If you would like to pay online you will need the following details:

Iban: IE96 AIBK9335 1105 8772 99

BIC: AIBKIE2D

When banking online, click Add Payee, fill in these details and you can pay directly into the school account.

Please ensure that you fill in your Child’s name and Class on the account e.g Seán Ó Broin R3. If you need to clarify what the payment is for please send an email to gncamoige@gmail.com

We highly recommend this method of payment. It increases efficiency and security for the office and for parents. I would like to thank parents who have paid by this method to date.

****************

 

 

Cairde

Ba mhaith le Cairde fáilte a chur roimh gach éinne, tuismitheoirí na Naíonán Beag go háirithe, agus bliain nua agus iontach amach romhainn. Má bhíonn ceist nó moladh agat is féidir teagmháil a dhéanamh trí ríomhphost cairdecamoige@gmail.com nó teacht chun cainte linn agus sinn ar an gclós. Ár mbuíochas leis an gcoiste a bhí ann anuraidh, Samantha Kavanagh (an Cathaoirleach), Helen Lindopp (an Cisteoir), agus Michelle Parnis (an Leas-Chathaoirleach). Ba mhaith linn fáitle a chur roimh an choiste nua – Amanda Rogers (an Cathaoirleach), Tracey Ní Mhaoildeirg, Maeve Ní Mháirtín agus Jean Nic Cionnaith. Táimid ag súil go mór le bualadh leis na tuismitheoirí ar fad i rith na bliana.

Cairde na Camóige would like to welcome back everyone to a new exciting year ahead, especially all the new parents of Naíonáin Bheaga. If you have any questions, queries or suggestions please don’t hesitate to contact one of us in the yard or by e-mail (cairdecamoige@gmail.com). Our thanks to our outgoing Cairde committee Samantha Kavanagh (Chairperson),Helen Lindopp(Treasurer) , and Michelle Parnis (Vice-chairperson). We would like to welcome our new Cairde committee – Amanda Rogers (Chairperson), Tracey Ní Mhaoildeirg, Maeve Uí Mháirtín agus Jean Nic Cionnaith. We are looking forward to meeting all parents throughout the year.

 

****************

 

An Clós

Mar is eol daoibh tá córas nua againn áit go mbogann na daoine fásta uilig siar go dtí barr an chlóis ag a 8.50am. Ligeann sé seo do na páistí tús ciúin, freagrach a chur leis an lá agus is féidir leo siúl go breá i dtreo na seomraí ranga. Go raibh maith agaibh as ucht bhur dtacaíochta.

 

As you are aware there is a new arrangement in place where all adults move to the top of the yard when the bell rings at 8.50am. This allows the children to begin the day quietly and independently. The children can also walk freely and safely to their classrooms. Many thanks for your support.

 

 

******************

Erica Ní Dhraighneáin

 

Mar is eol daoibh fuaireamar nuacht dochreithe brónach ar an 13 Lúnasa go bhfuair Erica Ní Dhraighneáin bás tar éis tamaillín fada di a bheith tinn. Throid sí go cróga agus go dearfach i gcoinne an galar úafásach seo. Bhí Erica mar bhall an-speisialta de Rang na Naíonán Beag. Ní dhéanfaimid dearmad go deo uirthi. Táimid uilig faoi scamall an bhróin leis an nuacht seo agus táimid ag smaoineamh agus ag guí ar son Mhuintir Uí Dhraighneáin. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach duine a tháinig chuig an tsochraid ach tuigim freisin go raibh sé an-deacair ar dhaoine eile a bheith i láthair ar an lá chomh maith. Rinne na ranganna ar fad seisiún mar gheall ar Erica inné agus bhí nóiméad ciúnais againn di chomh maith ag a 12:00. Tá eolas breise ar an suíomh scoile mar chomhairle daoibh freisin. Molaim daoibh labhairt le bhur bpáistí sa bhaile inniu faoi chomh maith. Beimid ag coinneáil súil ghéar ar na páistí agus beidh ócáidí eile á n-eagrú againn níos déanaí sa bhliain. Beidh leabhar cuimhneacháin ar an gclós an tseachtain seo agus is féidir le daoine é a shíniú. Ar dheis Dé go raibh a hanam dílis!

As you are all aware we received heartbreaking news on August 13th that Erica Ní Dhraighneáin, from last year’s Junior Infants had died after a long illness. She fought bravely and positively at all times. Erica was a very special member of Junior Infants and she will never be forgotten. We are all deeply saddened by this and our thoughts and prayers are with the Ó Draighneáin family. I would like to thank all those who took part in the guard of honour at Erica’s funeral. I realise that this was a very traumatic event for all those present and I also understand that it was also very difficult for those not present. All classes took part in a session in remembering Erica yesterday and we had a minute’s silence at 12:00 and had candle’s lighting for her. As many of you are aware there is more information available on the school website www.gaelscoilnacamoige.ie to assist you with talking to your child and dealing with grief. The teachers have also been briefed and support structures are in place to help children deal with their grief. We will be keeping a close eye on the children and we will keep you up to date on any other activities that we are organising throughout the year. A book of remembrance will be available to sign in the school yard later this week.

Ar dheis Dé go raibh a hanam dílis!

 

 

Caoimhe de Búrca,

Príomhoide

 

 

 

 

loading