Baile   Cairde   Polasaí Cairde

Polasaí Cairde

 

       Ról Chairde (Cumann na dTuismitheoirí)

 

 

Tá foráil déanta san Acht Oideachais 1998 chun cead a thabhairt do thuismitheoirí mac léinn scoile Cumann Tuismitheoirí don scoil sin a bhunú. Maítear san Acht é seo a leanas:

 

Féadfaidh tuismitheoirí mac léinn scoile aitheanta cumann tuismitheoirí don scoil sin a bhunú agus a chothabháil as measc a lín agus beidh an ceart ag tuismitheoirí uile mhic léinn na scoile sin a bheith ina gcomhaltaí den chumann sin.

Oibríonn cumann tuismitheoirí scoile leis an bpríomhoide, an fhoireann agus an bord bainistíochta chun comhoibriú éifeachtach agus rannpháirtíocht idir an scoil agus an baile a chothú.

 

Is mar seo a leanas atá ról chumann na dtuismitheoirí san Acht Oideachais 1998:

Déanfaidh cumann tuismitheoirí leasanna na mac léinn i scoil a chur chun cinn i gcomhar le bord, le Príomhoide, le múinteoirí agus le mic léinn na scoile agus, chun na críche sin.

Réamhrá

Tá an-chuid tuistí tar éis an-chuid cabhrach a thabhairt agus tacaíocht a thabhairt do Ghaelscoil na Camóige thar na blianta. Tá tairbhe bainte ag na páistí go mór ó na gníomhaíochtaí dhthuirsithe tiomsaithe airgid atá déanta ag Cairde. Is rudaí an-thábhachtacha do na páistí féin an tSeachtain Ealaíon, Cóisir an Chéad Chomaoinigh agus an Oíche Chéimnithe agus tá léirithe ag baill Chairde gur oibrithe agus eagraithe iontacha na n-imeeachtaí seo iad. Tá cuid lárnach i stair na scoile seo imeartha ag Cairde agus tá súil againn go léir gur mar sin a bheidh sé i gcónaí.

Chuige sin ba mhaith linn Bunreacht a leagan síos chun dea-chleachtas agus feidhmniú éifeachtach an ghrúpa Cairde a mhíniú agus a chinntiu d’am atá romhainn amach.

 

Cé go n-eagraíonn Cairde mórán gníomhaíochtaí, ní mór do na gníomhaíochtaí sin cabhrú leis an gcoiste dhá ról ar leith a bhaint amach sa scoil:

Chun comhoibriú leis an bPríomhoide, Bord Bainistíochta na Scoile agus an pobal scoile ar mhaith le páistí na scoile.

Chun tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí agus chun na tuismitheoirí a chumasú ar mhaithe le saol oideachasúil a bpáistí féin.

Ní mór do Cairde

 

  • Cumarsáid a dhéanamh le húdarás iomlán na dtuismitheoirí
  • Feidhmiú ar son údarás iomlán na dtuismitheoirí

Ballraíocht/ Struchtúir Choiste Chairde

 

 

 

Is ball de Cairde gach tuismitheoir agus caomhnóir páiste Ghaelscoil na Camóige.

 

Déanfaidh Feidhmeannach Chairde gnóthaíocht na heagraíochta a chur i gcrích.

Toghaidh Cairde, ag céad chruinniú na scoilbhliana, Oifigigh Chairde, eadhon: an Cathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach agus an Coisteoir. Ar mhórchuid na vótaí a chinnfear toradh an toghcháin. Má tá níos mó ná iarratasóir amháin ann, tabharfar vóta do gach teaghlach sa scoil agus beidh vóta rúnda ann. Is féidir leis na hOifigigh fanacht sa ról sin ar feadh dhá bhliain ar a mhéad (moladh na scoile féin agus ní an CNT). Ní mór, áfach, do bhaill Chairde iad a ath-thoghadh tar éis a gcéad bhliana.

 

Beidh ar a laghad cruinniú amháin in aghaidh an téarma ag Cairde.

 

De réir mar is rogha leo, is féidir le Coiste Feidhmiúcháin Chairde fo-choiste ar bith a bhunú, má bhíonn sé ag teastáil ar chúis ar leith.

Le tromlach simplí na mball uilig a dhéanfar gach cinneadh de chuid Cairde. Más comhionannas vótaí a tharlaíonn is ag an gCathaoirleach a bheidh an vóta réitigh.

  • Ní mór do chúig bhall agus d’Fheidhmeannach Chairde a bheith i láthair ag cruinniú de chuid Cairde chun go ndéanfar cinneadh.
  • Ní féidir ach le ball a bheidh i láthair cruinnithe vóta a chaitheamh.

Coiste Chairde a bhunú

  • Cé gur bhall gach tuismitheoir de Cairde, ní gá do ná ní féidr le gach tuismitheoir a bheith páirteach i ngó laethúil eagrú na heagraíochta. Is mar thoradh air sin a dhéanann tuismitheoirí scoile coiste, Cathaoirleach agus Fo-Chathaoirleach a bhunú.
  • Grúpa daoine is ea an coiste a eagraíonn na tascanna do Cairde ar mhaithe leis na tuismitheoirí.
  • Is féidir le Coiste Chairde Fo-Choistí a bhunú chun tascanna ar leith a chur i gcrích. Áit a bhfuil Fo-Choiste ann, ní mór dóibh tuairisciú do PhríomhChoiste Chairde.

 

Coiste Chairde a Thoghadh

 

Toghfar an coiste ag Chéad Chruinniú na scoilbhliana nua, cruinniú ag a bhfuil cuireadh ag gach tuismitheoir freastal air. Is faoi chúram an tsean-choiste atá sé an toghchán a reachtáil go héifeachtach.

Ag glacadh le hainmniúcháin

  • Toghtar coiste trí cheist a chur ar dhaoine a bhíonn i láthair ainmniúcháin a thabhairt. Is féidir ainmniúcháin a lorg roimh an chruinnithe.
  • Is baill de Choiste Chairde go huathoibríoch beirt ainmnitheoirí na dtuistí ón mBord Bainistíochta mar ach ní féidir leo ról oifigiúil a ghlacadh.

 

An córas vótála

  • Déanfaidh Cairde, mar a dhéanann an chuid is mó d’Eagraíochtaí Tuismitheoirí, córas vótála simplí a úsáid, córas a bheidh bunaithe ar an nduine a fhaigheann an méad is mó vótaí.
  • Tá an rannpháirtíocht agus an ceart atá ag gach tuimitheoir iad féin a chur in iúl mar lár-chuid de reachtáil Chairde.
  • Ní mór do chóras vótála a bheith follasach agus cothrom.
  • Beidh vóta ann i Mí an Mheithimh na bliana sin ionas go mbeidh an coiste nua eagraithe do ~Mhí Mheán Fómhair.
  • Beidh tréimhse aistrithe ann i Mí Mheán Fómhair. Cabhróidh an sean-choiste leis an gcoiste nua agus tabharfar gach eolas dóibh, teagmhálaithe is irl. a bailíodh agus a thaifeadadh i rith a dtréimhse siúd ar an gcoiste.

 

Na Vótaí a Chomhaireamh

  • Roghnófar beirt ag an gcruinniú mar áiritheoirí chun na vótaí a chomhaireamh. Ba chóir na vótaí a chomhaireamh go poiblí i gcónaí. Is gnách na vótaí a choinneáil go dtí an chéad thoghchán eile.
  • Is féidir duine ar bith, ar tuismitheoir de pháiste sa scoil iad, a ainmniú le bheith ar choiste Chairde. Caithfear é seo a dhéanmh le cead agus eolas an duine sin. Ní mór do Cairde a dhéanamh cinnte de go dtuigeann gach tuismitheoir cad atá i gceist le bheith mar bhall den choiste.

 

Tréimhse oifige an choiste

  • Fónann an coiste go ceann bliana, de ghnáth. Is é sin ó thus scoilbhliana amháin go dtí deireadh na scoilbhliana céanna. Is gnách meascán de bhaill a bhfuil taithí acu agus baill nua a bheith ann.
  • Éiríonn baill an choiste as ag céad chruinniú na bliana, ach is féidir iad a thoghadh arís fad agus gur tuismitheoir iad de pháiste atá sa scoil.
  • Is féidir leis na hOifigigh na hionaid a choinneáil go ceann dhá bhliain ar a mhéad, (moladh na scoile agus ní CNT) ach caithfidh baill Chairde iad a ath-thoghadh gach bliain.
  • Imeachtaí tiomsaithe airgid a eagrú don scoil.
  • Imeachtaí sóisialta/eolais a eagrú don scoil.
  • Tacaíocht agus cabhair ó thaobh imeachtaí móra scoile a eagrú (an Chéad Chomaoineach, an Cóineartú, Oíche Chéimnithe na Scoile is irl.).
  • Cur le nuachtlitir na scoile.
  • Cabhair a thabhairt le himeachtaí seach-churaclaim a eagrú agus a mhaoirsiú.
  • Féilire agus dialann na scoile a ullmhú.
  • Cainteanna a mbeadh tábhacht ag baint leo do thuismitheoirí a eagrú (cainteoir a labhródh ar an tuistiú agus cúrsaí smachta).

I Measc Imeachtaí Chairde tá;

 

Tiomsú Airgid

 

Tá tábhacht ar leith agus tairbhe ag baint le tiomsú airgid Cairde agus bhí rath mór ar an obair tiomsaithe go dtí seo. Ní mór do Chathaoirleach Chairde agus an LeathChathaoirleach teacht le chéile leis an bPríomhoide, ag tús na scoilbhliana, agus dréacht stráitéis a leagan amach don bhliain a bheidh amach rompu i dtaobh Chairde de. Is féidir leis an bPríomhoide liosta a chur le chéile le cabhair na múinteoirí agus an Bhoird Bhainistíochta. Tá ceadú an Bhoird Bhainistíochta ag teastáil sula ndéanfar airgead ar bith a bhailiú.

Tá caidreamh feidhmiúil an-mhaith ann idir an Bord Bainistíochta agus Cairde agus iarrtar ar Cairde bualadh leis an mBiord roimh a gcruinnithe rialta ar fad.

Maoiniú

  • Tá beirt shínitheoirí ar Sheiceanna. An Coisteoir agus an Cathaoirleach na sínitheoirí de ghnáth, agus caithfear an caiteachas a chinntiú roimhré leis an mBord.
  • Tá cuntas ag Cairde chun an ciste a bhailítear a scaipeadh. Déantar tuairisc chun dáta a thabhairt ag gach cruinniú de chuid Chairde. Déanfar é seo chun baill Chairde a choinneáil ar an eolas faoin staid airgeadais. Coinnítear Cuntas Ioncaim agus Caiteachais Iomlán agus cuirtear é sin ar fáil ag Cruinniú Dheireadh Bliana Chairde.
  • Toghfar Coisteoir, a roghnófar ó bhaill an choiste, agus beidh dulgas ar an nduine sin cuntas a choinneáil d’ioncam agus caitheachas Chairde. Tabharfaidh an Coisteoir ráiteas ag gach cruinniú de chuid an choiste.
  • Tabharfaidh Cairde tuairisc chun dáta ar a gcuid cuntas, eadhon caiteachas le déanaí, ioncaim agus iarmhéid, don Bhord Bainistíochta roimh gach Cruinniú den mBord.

 

 

 

 

 

  • Ní mór nóta a dhéanamh de go mbeidh an-chuid le plé ag Cairde – níor chóir na cruinnithe a úsáid chun gearrán a dhéanamh faoi mhúinteoir ar leith ná páiste ar leith go deimhin. Is féidir leis sin tarlú gan chuimhneach ach is é an fóram is fearr do ghearáin den sórt sin ná leis an bPríomhoide nó tríd an bpróiseas um ghearáin na scoile.

Is ionann sa pholasaí seo “tuismitheoir” agus “caomhnóir dlithiúil”.

  • Is cuid lárnach dár bpobal scoile í Cairde agus táimid ag súil go mór le fáilte a chur roimh na tuismitheoirí ar fad páirt a ghlacadh in imeachtaí scoile. Ní neart go cur le chéile!

Cuirtear an Bunreacht seo le chéile mar chabhair do thuismitheoirí agus ullmhaíodh é bunaithe ar an reachtaíocht dhlithiúil chuí, Treoirlínte CNT agus Treoir an CCBC do Bhoird Bhainistíochta san áireamh.

 
loading