Baile   Naíonáin Bheaga   Tréidlia i Naíonáin Bheaga

Tréidlia i Naíonáin Bheaga

Chuireamar cúinne don ‘Tréidlia’ le chéile sa seomra ranga don chlár ‘Aistear’. D’fhoghlaimíomar conas aire a thabhairt do pheataí difriúla. Thugamar folcadán dóibh, deochanna agus bia dóibh, scuabamar gruaig na bpeataí agus ghearramar na hiongna freisin! Bhí orainn ár bpeataí a thógáil chuig an tréidlia nuair a bhí siad tinn. Líonamar foirmeacha eolais isteach roimhré. Fuair peataí áirithe instealladh agus leigheas. Thóg an tréidlia teocht na n-ainmhithe agus chuir an tréidlia bindealán ar na hainmhithe a bhí gortaithe. Rinne na páistí tithe nua do pheataí as lego freisin. Bhaineamar an-taitneamh as an ról-imirt agus an spraoi sa tréidlia. Tá a fhios againn anois cé chomh tábhachtach is atá sé aire a thabhairt do pheataí. Tá go leor oibre i gceist!

  • IMG_8070
  • IMG_8072
  • IMG_8075
  • IMG_8080
  • IMG_8083
  • IMG_8086
  • IMG_8090
  • IMG_8069
 

loading