Baile   Rang 3   Turas Scoile go Músaem Stair an Dúlra

Turas Scoile go Músaem Stair an Dúlra

 

Ar an 13 Márta 2015 bhí an-lá ag páistí Rang 3. Bhí ceiliúradh Seachtain na Gaeilge ar siúl sa scoil agus bhí na páistí maisithe don mórshiúil timpeall na scoile. Díreach ina dhiaidh an mórshiúil chuaigh an rang ar an mbus isteach go lár na cathrach. Bhí Múinteoirí Aoife agus Jacinta leo agus an rang ar an mbealach go Músaem Stair an Dúlra!

Nuair a shroicheamar an Músaem bhí sceitimíní ar gach duine. Faraor géar bhí droch tús leis an lá. Dúirt an fear ag an ndoras nach raibh ainm na scoile curtha sa leabhar agus nach raibh aon eolas aige faoin gcuairt seo. Tar éis cúpla glaoch fón ligeadh isteach an rang!

Bhí sé go h-iontach. Bhí cead againn na h-ainmhithe ar fad a fheiceáil thuas agus thíos staighre. Bhí sé an- shuimiúil ar fad agus nuair a bhí gach duine réidh bhí ár lón againn ar na binsí taobh amuigh.

Bhí leath uair a chloig fágtha againn agus chuamar trasna go dtí ionad súgartha a bhí díreach trasna an bhóthair. Bhí sé ar fheabhas ar fad, le luascáin, sleamhnáin, droichead srl. Níor theastaigh uainn fágáil ach sa deireadh bhí an bus réidh le filleadh ar ais ar an scoil.

Shroicheamar Gaelscoil na Camóige in am dul abhaile. Bhí lá iontach ag gach páiste agus múinteoir.

  • IMG_8038
  • IMG_8009
  • IMG_8014
  • IMG_8031
 

loading