Baile   Zón Na Leanaí   An Brat Glas

An Brat Glas

Mar is eol daoibh, tá an scoil seo againne ag glacadh páirt i gclár An Taisce, na Scoileanna Glasa. D’éirigh go maith linn go dtí seo le ceithre théama den chlár: Bruscar & Dramhaíl, Fuinneamh, Uisce agus Iompar. Iompar (an ceathrú téama den chlár) a bhí mar théama againn anuraidh agus is í an Bhithéagsúlacht a bheidh mar théama againn don dá scoilbhliain amach romhainn.

Is clár dúshlánach é agus beidh baint ag tuismitheoirí, múinteoirí agus páistí leis. Beidh duine de na hOifigigh Oideachais de chuid an Taisce ag obair linn chun an clár a chur i gcrích. Cuirfidh an tOifigeach tacaíocht ar fáil maidir leis an gclár a thosú, teacht ar cuairt chun na scoile, smaointe a roinnt linn, treoir a thabhairt dúinn agus traenáil a chur ar fáil do mhúinteoirí agus páistí agus an chabhair sin ag teastáil chun an clár a chur i gcrích.

Is féidir eolas a fháil mar gheall ar an mBrat Glas ar roinn láithreáin gréasáin Green-Schools www.greenschoolsireland.org

 

anBratGlas

 
loading