Baile   Articles posted by Olivia Ni Fhloinn (Page 2)

Olivia Ni Fhloinn

Posts byOlivia Ni Fhloinn

Lá Stairiúil i bPáirc an Chrócaigh

Bhí lá stairiúil againn i bPáirc an Chrócaigh inné nuair a d’éirigh le foireann camógaíochta Ghaelscoil na Camóige an Sciath INTO a bhaint amach! Is é seo an dara uair i mbliana go ndeachaigh foireann de chuid na scoile chuig Páirc an Chrócaigh agus a bhain bua amach. A leithead go ‘Double’. Téigh go Gailearaí chun tuilleadh pictiúirí a fheiceáil!


Lá Clainne i nGaelscoil na Camóige

Lá Clainne ar siúil ar 11.6.16 ó 1pm – 5pm. Bígí linn! Beidh bia, deochanna agus caisleáin preabadh, An Kube, Stáisiún féin-pic agus tuilleadh eile!


Seantreabh Lá 1agus 2

Téigh chuig an Gailearaí chun pictiúirí a fheiceáil ó Lá 1 agus 2 i Seantreabh a bhí ar siúil inniu!


Turas go Scoil Éanna 27/4/16

Ar an Seachtú lá fichead do mhí Aibreáin, chuaigh Rang 5 agus Rang 6 ar thuras go Scoil Éanna. Ó thús na bliana, bhí na páistí ar fad dírithe ar Chomóradh 1916 agus mar sin bhí an-suim acu sa thuras. Thosaigh an turas taobh istigh do Scoil Éanna agus fuair na páistí léargas ar an saol a bhí ag na páistí a d’fhreastail ar an
Tuilleadh »


Tuairisc Nósanna Digiteach Zeeko

Tá Tuairisc Nósanna Digiteach Zeeko do Ghaelscoil na Camóige ar fáil anois. Féach an nasc thíos. Tuairisc Nósanna Digiteach Zeeko


Tumoideachas ag tosú i Mí Meán Fómhair 2016

Beidh Gaelscoil na Camóige ag cur tús le Tumoideachas sa scoil i Mí Meán Fómhair 2016. Féach ar an nasc thíos le tuilleadh eolais a fháil faoi céard is Tumoideachas ann. Tumoideachas


Lúthchleasaíocht

Tá an chéad rás ar siúil inniu ar an bpáirc in aice leis an linn snámha ag 11am. Beidh na páistí ag fágáil na scoile ag 10:35 agus ar ais arís ag 12:20. Go n-eirí go geal leo! Níl aon traenáil lúthchleasaíocht i ndiaidh am scoile inniu.


Cros Bríde (1/2/16)

Inniu Lá Fhéile Bríde. Chun an lá speicialta seo a cheiliúradh, rinne Rang 6 croiseanna Bríde sa rang. Ár mbuíochas leis an Múinteoir Eilís a thóg na luachra isteach dúinn! Bhí tráthnóna an-ghnóthach againn agus muid á dhéanamh ach bhain na páistí ar fad an-taitneamh as.


Uirlisí a thiúnáil le Pól Mac Reachtain

A Chairde, Beidh Pól Mac Reachtain ag cuir rang tiúnáil ar siúil do na tuismitheoirí ar an gCéadaoin seo chugainn, 27ú Eanáir, ag 2.30 i Rang na Naíonán Bheaga. Beidh sé ag múineadh do na tuismitheoirí an bealach le na fidil a chuir i dtiúin. Mairfidh an seisiún thart ar deich nóiméad. Bheadh sé thar a bheadh cabharach dóibh siúd atá páistí acu atá ag
Tuilleadh »


Pháirc an Chrócaigh 3 Samhain

A Chairde, Seo thíos an litir a fuair na páistí ar fad inniu, faoi Cluiche Ceannais na gCailiní i bPáirc an Chrócaigh. Tá na sonraí ar fad faoin lá ar an litir. Le bhur dtola, líonaigí an fhoirm agus seolaigí ar ais ar scoil é roimh an Aoine beag seo, 23/10/15. Míle Buíochas Páirc an Chrócaigh 2015


loading