Baile   Articles posted by Donncha Ó Corcoráin

Donncha Ó Corcoráin

Posts byDonncha Ó Corcoráin

Seaimpíní Iománaíochta Faoi 11

Comhghairdeas ó chroí leis an bhfoireann faoi 11 iománaíochta a bhuaigh an léig inné. Bhí 4 cluiche as a chéile buaite ag na buachaillí roimh an cluiche deireanach i gcoinne GS Naomh Pádraig i Leamhchán. Chuaigh na buachaillí chun cinn go luath agus bhí an cuma ar an scéal nach raibh siad chun an cluiche a chailliúnt. Chuir lár na páirce an t-uafás liathróid
Tuilleadh »


Na Dubs Abú !

Comhgairdeachas mór le Jim Gavin agus foireann Baile Átha Cliath a bhuaigh Craobh na hÉireann sa pheil inné. Thugadar ar fad taispeántas cróga agus croíúil! Bhí lá mór gorm againn an Aoine seo chaite chun ár dtacaíocht a leiriú dóibh. D’éirigh linn os cionn €330 a bhailiú ar an lá. Míle buíochas as ucht bhur gcinéáltas.


Campa Samhradh Cumann an Chloigthí 2015

An bhfuil tú ag lorg bealach chun leadráin do pháiste a chur faoi chois an samhradh seo? Tá an freagra ag Cumann an Chloigthí! Beidh dhá champa C.L.G. á rith acu i mí Iúil. Dein forbairt ar do chuid scileanna, dein cairde agus bain taitneamh as in atmaisféar slán, faoi mhaoirseacht. Tuilleadh eolas san fhógrán (feic grianghraif).  


84ú CairdeasChluichí Bliantúil

Go n-eirí an t-ádh le Holly Gregg agus Megan Hoyte as rang a 5 amárach an 12 Meitheamh sna 84ú Cluichí Cairdeas. Beidh na cluichí ar siúl i mBéal Feirste. Beidh siad ag imirt ar son Baile Átha Cliath i gcluiche camógaíochta in aghaidh rogha as Béal Feirste. Táimid ar fad an-bhródúil asaibh.


loading