Baile   "Nuacht" (Page 4)

Nuacht

Chéad cluiche na bliana d’fhoireann peile na gcailiní.

Beidh na cailiní ó Ghaelscoil na Camóige ag imirt i gcoinne St. Damians, Baile Pheire ar an gCeadaoin beag seo, 9/9/15 ag 3pm. Beidh an cluiche ar siúil ar pháirc Roibeard Emmet atá in aice le scoil St. Damians. Guímíd ar fad gach rath orthu!


Naíonra Chumann an Chloigthí 2015

Beidh Naíonra Chumann an Chloightí ag tosú ar ais amárach, Dé Sathairn 5ú Mean Fómhair ó 10:00 – 11:30. Fáilte roimh chách!


Fáilte ar ais

A Chairde, Tá fearradh na fáilte ar ais roimh gach éinne don scoilbhliain nua seo. Táim cinnte de go mbeidh bliain iontach againn faoi mar a bhíonn gach aon bhliain i nGaelscoil na Camóige. Beidh an scoil ag oscailt ag 8.50am maidin amárach 27 Lúnasa Naíonáin Bheaga 9.00am-11.00am Eagrucháin Nua don chlós  Nuair a bhuaileann an clog ag 8.50am iarrtar ar gach tuismitheoir bogadh
Tuilleadh »


Campa Samhradh Cumann an Chloigthí 2015

An bhfuil tú ag lorg bealach chun leadráin do pháiste a chur faoi chois an samhradh seo? Tá an freagra ag Cumann an Chloigthí! Beidh dhá champa C.L.G. á rith acu i mí Iúil. Dein forbairt ar do chuid scileanna, dein cairde agus bain taitneamh as in atmaisféar slán, faoi mhaoirseacht. Tuilleadh eolas san fhógrán (feic grianghraif).  


84ú CairdeasChluichí Bliantúil

Go n-eirí an t-ádh le Holly Gregg agus Megan Hoyte as rang a 5 amárach an 12 Meitheamh sna 84ú Cluichí Cairdeas. Beidh na cluichí ar siúl i mBéal Feirste. Beidh siad ag imirt ar son Baile Átha Cliath i gcluiche camógaíochta in aghaidh rogha as Béal Feirste. Táimid ar fad an-bhródúil asaibh.


Cuairt ó na Naíonáin Bheaga Nua!

Beidh na Naíonáin nua ag teacht isteach ar an Déardaoin beag seo, an 11 Meitheamh ó 13:45 – 14:15 chun an seomra ranga a fheiceáil agus beidh siad ag bualadh leis an Múinteoir Ranga, an Múinteoir Eimear.


Lá Spóirt

Beidh an Lá Spóirt ar siúil ar an Máirt, 16ú Meitheamh! Tuilleadh eolais le teacht.


Lá Clainne

Ná déan dearmad Lá Clainne ar siúl ar an 20ú Meitheamh. Bígí Linn


Fáilte chuig Suiomh Gréasáin nua Gaelscoil na Camóige

Tá fáilte róimh chuig suíomh Gréasáin Gaelscoil na Camóige. Coinnaigh súil amach do nuacht na scoile anseo.


loading