Baile   "Nuacht" (Page 2)

Nuacht

An Mórthuairisc Scoile

A Chairde, Tá an Mórthuairsc scoile agus achoimre do Mhórthuairisc ar an suíomh. Leanaigí an nasc seo má tá sibh ag iarraidh í a léamh. http://www.gaelscoilnacamoige.ie/policies/morthuairisc/


An Clár ama don Lá Spóirt

A Thuismitheoirí Dhílise, Beidh Lá Spóirt na scoile again amárach, Máirt an 20 Meitheamh. Seo thíos clár ama an lae: 8.50a.m. – 10.30a.m. Páistí ag spraoi sna ranganna, clós agus halla. 11.00a.m. – 12.00p.m.  Beidh rásaí na naíonáin, Rang a 1 agus Rang a 2 sa pháirc ag crosbhóthar Lána Uisciúil agus Bóthar Átha na Coille. 1.00p.m. – 2.00p.m.   Ranganna 3, 4, 5 &
Tuilleadh »


Gaelscoil na Camóige Abú!

Bhí an-bhua ag Gaelscoil na Camóige i bPáirc an Chrócaigh ar an Luan! Bhí cluiche an-dian ag na buachaillí, ach fuaireadar an lámh in uachtar sa deireadh agus cúilín amháin mar fharasbarr acu. Táimid ar fad an-bhródúil go deo as an iarracht a cuireadh isteach sa traenáil agus sna cluichí i mbliana. Ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl do na tuismitheoirí
Tuilleadh »


Páirc an Chrócaigh

Gaelscoil na Camóige Abú! Comhghairdeas leis an bhfoireann iomáinaíochta a bhuaigh a cluiche leath-ceannas le deanaí. Táimid chomh bródúil as na buachaillí. Bua stairiúil don scoil! Is é seo an céad uair go bhfuil foireann scoile buachaillí ag dul go Páirc an Chrócaigh. Beidh an cluiche ceannas ar siúl ar an Luan, 12ú Meitheamh, ag a 10 i bPáirc an Chrócaigh. Táimid ar fad
Tuilleadh »


Na buachaillí faoi 13 abú!

Comhgairdeachas ó chroí leis an bhfoireann iománaíochta faoi 13 a bhuaigh a chluiche leathcheannais ar an Máirt. Ar aghaidh linn go Páirc an Chrócaigh! Beidh an cluiche ar siúil ar an Luan, 12ú Meitheamh ag 10am. Beidh tuilleadh eolais le teacht go luadh. Buíochas agus comhgairdeachas ó chroí leis an Múinteoir Oisín agus an Múinteoir Donncha! Gaelscoil na Camóige abú!!


Craobh Tras Tíre

Bhí lá den chéad scoth ag na páistí a rith sa Chraobh Tras Tíre i bPáirc Córcaí inniu. Bhí an aimsir linn agus bhaineamar sár taitneamh as an lá. Comhgairdeachas le gach páiste a ghlac páirt. Gaelscoil na Camóige Abú!


An Teach Gréine

An Teach Gréine Chonaiceamar teach gréine i Ysgol Nantgaredig sa Bhreatain Bheag, scoil a raibh baint aige léi agus sinn ag obair ar Thionscadal Comenius. Bheartaíomar teach gréine dar gcuid féin a thógáint ina dhiaidh sin. Rinne páistí na scoile athchúrsáil ar bhuidéil phlaisteacha dhá líotar a bhí acu sa bhaile trí na buidéil a úsáid chun an teach a thógaint. Bhí an Múinteoir
Tuilleadh »


Gairdín na gCéadfaí

Thugamar faoi Ghairdín na gCéadfaí a chur le chéile i ndiaidh dúinn tabhartas a fháil ó dhuine den phobalscoile le caitheamh ar an mBrat Glas. Bhí an Múinteoir Jacinta agus an feighlí scoile, Harry, ag obair air le páistí ó ranganna éagsúla. Is Gairdín Céadfaí é atá dírithe ar na cúig chéadfa; Radharc: bláthanna ar dhathanna éagsúla agus tíleanna péinteáilte. Blas: luibheanna éagsúla (tím,
Tuilleadh »


Glasraí ag Fás sa Cheapach

Táimid ag obair ar an chúigiú brat glas faoi láthair. An Bhithéagsúlacht atá mar théama air. Tá ceachtanna agus tionscadail éagsúla déanta ag na múinteoirí leis na páistí chun tuiscint i leith théama na Bithéagsúlachta a chur chun cinn. D’fhoghlaim Rang na Naíonán Beag faoi bhoilb agus féileacáin. Rinne Rang na Naíonán Mór cloigne féir agus d’úsáideadar goradáin le haghaidh éanlaitheachta sa seomra ranga.
Tuilleadh »


Deilgnigh

A Thuismitheoirí dílse,                                                                                  16/09/16          Tá cás deilgnigh ag páiste amháin i Naíonáin Bheaga. B’fhearr súil a choinneál ar do pháiste féin ar fhaitíos na bhfaitíos.


loading